Abdullah Öcalan
(1997) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 4 Aibreán 1949 76 bliana d'aois Ömerli, An Tuirc |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ankara University Faculty of Political Science (en) Ollscoil Ankara |
| Áit chónaithe | İmralı |
| Teanga dhúchais | an Tuircis |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir, gníomhaí, scríbhneoir, eolaí polaitiúil |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Oibrithe |
| Teangacha | An Choirdis agus an Tuircis |
| Teaghlach | |
| Céile | Kesire Yıldırım (1978–) |
| Siblín | Mehmet Öcalan, Fatma Öcalan agus Osman Öcalan |
| Duine muinteartha | Dilek Öcalan (neacht) Ömer Öcalan (nia) |
| Suíomh gréasáin | abdullahocalan.net |
Is é Abdullah "Apo" Öcalan ceannaire Pháirtí Oibrithe na Cordastáine (Partiya Karkerên Kurdistan, PKK). Rugadh é ar an 4 Aibreán 1948 i Ömerli, Şanlıurfa, sa gCordastáin Thuaidh (oirdheisceart na Tuirce). Maoch a bhí sé nuair a raibh sé óg, agus chuir sé tús don ghrúpa Marxach an PKK i 1978, chun stát Marxach Coirdíneach neamhspleách a bhunadh.

Bhí sé sa tSiria thuas go 1998, ach ansin chuir rialtas na Tuirce an-bhrú ar rialtas na Siria chun é a chur as an tír úd. Rugadh na Turcaigh air i mí Feabhra sa bhliain 1999 i Nairobi, i gCéinia, le cabhair ó Stáit Aontaithe Mheiriceá. Anois tá sé i bpríosún ar Oileán İmralı, sa Tuirc. Níl príosúnach ar bith eile sa phríosún.
I 1991, thit an Aontas Sóivéadach as a chéile. D'éirigh Öcalan in amhras faoi Mharxachas. Rinne sé staidéar ar an stair, ar an miotaseolaíocht na Measpatáim, agus ar an saothar Murray Bookchin, ainrialaí Meiriceánach. D'fhorbair Öcalan fealsúnacht nua: cónaidhmeacht daonlathach (Béarla: democratic confederalism). Bhí Öcalan ag iarraidh sochaí gan stát a bhunadh, sochaí fhrithchaipitlíoch, inbhuanaithe agus saoirse na mban ann. Thug Öcalan "Jineology" ar an bhfeimineachas Coirdíneach, ó bhfocal "jin" (bean) as Coirdis. Is é "cónaidhmeacht daonlathach" an idé-eolaíocht Pháirtí Lucht Oibre na Cordastáine, Pháirtí Aontais Dhaonlathaigh (Partiya Yekîtiya Demokrat) i Rojava (Cordastáin Thiar), agus Ghluaiseacht Le Haghaidh Sochaí Daonlathaí (Coirdis: Tevgera Civaka Demokratîk ; Araibis: حركة المجتمع الديمقراطي) i dTuaisceart na Siria.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi dhuine Turcach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |