Eugène Lanti

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEugène Lanti

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Eugène Aristide Alfred Adam
19 Iúil 1879
Néhou, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Eanáir 1947
67 bliana d'aois
Cathair Mheicsiceo, Meicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Crochadh)
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaDínáisiúnachas
Gníomhaíocht
Gairmfoclóirí, siúinéir, múinteoir, aistritheoir, Easparantóir, iriseoir tuairime, déantóir troscáin Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Ainm cleiteNarazu Mono
E.L. Itanŝa Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaEsperanto
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileEllen Kate Limouzin Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaGeorge Orwell (nia) Cuir in eagar ar Wikidata

Ainm cleite ar Eugène Adam (19 Iúil 1879 i Normandy, an Fhrainc - 17 Eanáir 1947 i Meicsiceo) ab ea Eugène Lanti. Ba Easparantóir, sóisialaigh agus scríbhneoir é. Bhunaigh sé Sennacieca Asocio Tutmonda, agus bhí sé ina eagarthóir fadtréimhseach ar an iris shóisialach idirnáisiúnta Sennaciulo . Bhí Lanti i measc lucht cáinte an Stailíneachais agus ina teoiricí ar an teoiric nua 'neamhnáisiúnachas', a raibh sé mar aidhm aige deireadh a chur le coincheap an náisiúin mar threoirphrionsabal na heagraíochta sóisialta.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba fheirmeoirí tuathánach iad tuismitheoirí Lanti. D'oibrigh sé ar dtús mar spailpín, siúinéir, déantóir troscáin agus dearthóir. Bhí sé féin-oilte, agus rinne sé staidéar sa tráthnóna. Sa bhliain 1914 slógadh é sa Chéad Chogadh Domhanda agus bhí se ina thiománaí otharchairr. D'fhoghlaim sé Esperanto i 1914–15 ag an bhFronta Thiar, ach i 1919 is beag nár cuireadh ina luí air Esperanto a thréigean i bhfabhar na Ídise. Tar éis an chogaidh, d'fhill sé ar Pháras, agus chuir sé aithne ar Lucian Banmer agus Ludoviko Glodeau, agus d'athdhearbhaigh sé a thacaíocht do Esperanto lena eagarthóireacht ar Liberiga Stelo.

Sna 1920idí bhí Lanti ina chónaí i bPáras le Ellen Kate Limouzin, aintín George Orwell. Thug Orwell cuairt ar an lánúin agus d’fhorbair sé dearg-ghráin don teanga. Maíodh gur chuimsigh Orwell gnéithe de Esperanto sa teanga "Newspeak"(Gaeilge: Béarlagair nuachta) a chruthaigh sé ina úrscéal frith-ollsmachtach, Nineteen Eighty-Four.

Gníomhréim pholaitiúil Lanti[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn a óige, bhí tarraingt ag Lanti ar ainrialachas, ach i 1920 thréig sé ainrialachas ar deireadh thiar agus bhí sé ina bhall bunaidh de Pháirtí Cumannach na Fraince. Sa bhliain 1921 i bPrág bhí sé ina thionscnóir agus ina cheannaire de facto ar Sennacieca Asocio Tutmondo (SAT), eagraíocht leathanbhunaithe Esperanto (ina bhfuil Cumannaithe, Daonlathaithe Sóisialta agus ainrialaithe) nach n-eagraíonn de réir na náisiún.

Sa bhliain 1933 d'fhág Lanti, a gortaíodh trí ionsaithe pearsanta agus cáineadh ar a cheannaireacht, a phost mar uachtarán ar Choiste Lárnach SAT, post a raibh aige ó bunaíodh an eagraíocht. Lean sé air, áfach, agus ról a imirt aige san eagraíocht go príomha mar scríbhneoir. Sa bhliain 1935 bhunaigh Lanti an iris neamhspleách Herezulo inar cháin sé an réimeas Sóivéadach níos láidre ná mar a bhí i Sennaciulo.

Lanti mar fhoclóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Lanti féinoilte ó thaobh na Fraincise agus na Sparantaise liteartha de. D'oibrigh sé le Petit Larousse, agus rinne sé iarracht foclóir Esperanto den chineál céanna a chruthú. Bhí sé páirteach go lárnach sa tionscadal a bhí á reáchtáil ag SAT chun scríbhneoireacht agus dearadh an Plena Vortaro a rinneadh ina dhiaidh sin Plena Ilustrita Vortaro an lae inniu.

Níos déanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó dul ar scor sa bhliain 1937, chun bualadh le Sparantaiseoirí, d'fhág Lanti an Fhrainc go deo agus thaistil sé go dtí an Spáinn, an Phortaingéil, an Afraic Thuaidh, an tSeapáin, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus Meiriceá Theas. Ag fulaingt ó bhreoiteacht nach féidir a leigheas, chroch sé é féin ina árasán i Meicsiceo an 17 Eanáir 1947.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]