Enoch Powell
Polaiteoir Sasanach, caomhach frith-inimirce i bhfad amach ar an eite dheis, ab ea John Enoch Powell (16 Meitheamh 1912 i Stechford, Birmingham - 8 Feabhra 1998 i Londain). Bhí sé ina bhall den Pháirtí Coimeádach agus den Pháirtí Aontachtach Uladh. Tharraing sé conspóid lena bheo agus lena mharbh.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba as an Bhreatain Bheag a thuismitheoirí.
In 1968 thug Powell aitheasc faoi ‘Aibhneacha Fola’,[1][2] gríosú chun fuatha agus ag gríosú daoine chun bheith ag déanamh trioblóide. Tugadh bata is bóthar dó mar urlabhraí an bhinse tosaigh, ach d'fhan sé mar bhall den Pháirtí Coimeádach go dtí 1974.
I mí Dheireadh Fómhair 1974, fuair Powell dídean sa Pháirtí Aontachtach Uladh, na dilseoirí ag cur síos air mar fháidh agus toghadh Powell mar MP sa Dún Theas don chéad uair.[3]
Bhí Jeffrey Donaldson, iarcheannaire an DUP, ina ghníomhaire toghlaigh ag Powell ó 1983 go 1985.[4]
Bua ar gheall le crith talún polaitiúil ab ea é i 1987 nuair a bhain Eddie McGrady an SDLP an suíochán san Dún Theas de Enoch Powell an sean-chaomhach frith-inimirce a bhí ina fheisire don UUP ó 1974.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 'Rivers of Blood' speech: "As I look ahead, I am filled with foreboding. Like the Roman, I seem to see 'the River Tiber foaming with much blood'."
- ↑ "Rivers of Blood speech" (as en) (2024-03-19). Wikipedia.
- ↑ Robert McMillen (Mei 2014). "An Fóidín Meara" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-03-31.
- ↑ "Jeffrey Donaldson dearbhaithe ina cheannaire ar an DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-06-22). Dáta rochtana: 2024-03-31.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (4 Meitheamh 2017). "TOGHCHÁN WESTMINSTER: Suíocháin de chuid an SDLP faoi bhrú sa Dún Theas agus i mBéal Feirste Theas" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-31.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |