Féile na Eipeafáine
| Cineál | lá féile Críostaí | ||
|---|---|---|---|
| Comóireann sé | an Triúr Saoithe Baisteadh Íosa An Bhainis i gCána | ||
| Cuid de | aimsir na Nollag | ||
| Lá | 6 Eanáir 19 Eanáir (an Rúis, féilire Ghréagóra) 6 Eanáir (Οικουμενικό Πατριαρχείο Κωνσταντινουπόλεως, Revised Julian Calendar (en) | ||
| Codanna | |||
Ceiliúrtar Féile na Eipeafáine[1] nó Féile na dTrí Ríthe ar an 6 Eanáir. Déanann an fhéile seo comóradh ar chuairt na bhfear ciallmhar chun adhradh a dhéanamh ar an leanbh Íosa. De réir an tseanchais, ba iad Caspar, Melchior agus Balthasar a n-ainmneacha.[2]




Soiscéal Naofa Íosa Críost
[cuir in eagar | athraigh foinse]Threoraigh réalta na Beithile chun láthair Íosa iad. Tagairt atá ann don dtriúr, na Magi, a tháinig fé bhráid an tSlánaitheora le bronntanais.
Seo sliocht as an Soiscéal naofa de réir Matha 2:1-10:[3]
Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim ag fiafraí: "Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó." .. agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic na saoithe an leanbh le Muire a mháthair, agus d'umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d'oscail siad a gcistí agus d'ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorr. Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.[3]
De réir insintí an tSoiscéil, thug na fir chríonna bronntanais óir, túis agus miorr leo. Bhí na bronntanais seo an-fhiúntach.
- Ba bhronntanas luachmhar agus costasach é ór, agus léirigh sé cé chomh tábhachtach is a bhí Íosa.
- Is cumhrán milis é túis a dódh go minic sa teampall chun Dia a adhradh. Comhartha a bhí ann gur chóir Íosa a adhradh.
- Baineadh úsáid as miorr chun rudaí a choinneáil úr, agus d'úsáid na mná é chun corp Íosa a ungadh nuair a fuair sé bás. Trí é a thabhairt mar bhronntanas d'Íosa, bhí na fir ag tabhairt fógra faoi fhulaingt agus bhás Íosa sa todhchaí.
Nósanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sean-nós atá ann doirse a bheannú tráth na hEipeafáine – chun a chur i gcuimhne dúinn fáilte a chur roimh dhaoine agus aíonna nua le linn na bliana amach romhainn. Scríobhann roinnt daoine an dáta agus na litreacha CMB thar an doras freisin. Is iad seo túslitreacha ainmneacha traidisiúnta an Triúr Saoithe: Caspar, Meilcíór agus Baltazár.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1582, thug an Pápa Gréagóir XIII féilire nua isteach, rud a thug ‘Lá Nollag’ dhá lá dhéag chun cinn.[4]
'Sé an 6 Eanáir an Lá Chinn an Dá Lá Dhéag, de réir an Fhéilire Ghréagóra.
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Glaoitear Oíche na dTrí Ríthe (‘Rite’ sa chaint) ar Oíche Nollag Beag i gCorca Dhuibhne[5].
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, "Epiphany", nó "Festival of the the Three Kings"
- ↑ Dublindiocese.ie (2025). "Mí Eanáir 2025 – Féilire/Féilte".
- 1 2 Dia (33 AD). "Matha 2:1-12 | Tearmann". www.tearmann.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-05-19. Dáta rochtana: 2021-01-06.
- ↑ Seán Mac an tSíthigh (2017). "Seachain go gceapfá gur oíche gan préamhacha, gan seasamh í Nollaig na mBan!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-06.
- ↑ Seán Mac an tSíthigh (2017). "Seachain go gceapfá gur oíche gan préamhacha, gan seasamh í Nollaig na mBan!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-06.