Éadbhard Ó Cathaoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Eddie Keher)
Infotaula de personaÉadbhard Ó Cathaoir
Beathaisnéis
Breith14 Deireadh Fómhair 1941
82 bliana d'aois
Inis Tíog, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Iomána Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Fear spóirt Éireannach é Éadbhard Peadar Ó Cathaoir (Béarla: Edward Peter Keher), a rugadh ar an 11 Samhain 1941 in Inis Tíog, Contae Chill Chainnigh. Imreoir iomána cáiliúil agus rathúil ab ea Eddie, mar a tugtar air, leis a chlub áitiúil An Robhar/Inis Tíog idir na 1950idí agus na 1980idí, agus le foireann idirchontae Chill Chainnigh idir na blianta 1959 agus 1977. Sa lá atá inniu ann, feictear ar Ó Cathaoir mar dhuine de na himreoirí is fearr riamh.

Tá a stádas mar fhathach an iomána soiléir. I ngairmréim idirchontae a mhair ar feadh ocht mbliana déag, tá gach duais atá le fáil sa spórt buaite aige - deich mbonn i gCraobh Laighean, sé bhonn i gCraobh na hÉireann, dhá bhonn sa tSraith Náisiúnta agus naoi mbonn i gCorn an Iarnróid. Is é an t-imreoir leis an líon is mó pointí gnóthaithe i stair nua-aimseartha an iomána - 36 cúl agus 207 cúilín as 50 cluiche. D'aimsigh sé dhá chúl agus aon chúilín déag i gcluiche ceannais na hÉireann sa bhliain 1972, éacht a mhair mar churiarracht go dtí 1989 nuair a bhí sé sáraithe ag Nicky English (Tiobraid Árann).

Is iomaí duaiseanna agus honóracha a bhronnadh ar Ó Cathaoir taobh amuigh den pháirc imeartha chomh maith. Ba thréimhse an-rathúil é na seachtóidí do, ina bhuaigh sé an gradam Sárimreoir na Bliana cúig bliana i ndiaidh a gcéile idir 1971 agus 1975, leis an ngradam Texaco Iománaí na Bliana chomh maith sa bhliain 1972. Tháinig honór eile chuige sa bhliain 1984, nuair a ainmníodh é ag lántosaí clé i bhFoireann an Chéid agus ag lantosaí deas ar Foireann Iománaíochta na Mílaoise sa bhliain 1999. Chomh maith le sin, tá an cúl cáiliúil a fuair sé ón dtaobhlíne i gcluiche ceannais na hÉireann na bliana 1972 le feiceáil ar an liosta de na Top 20 GAA Moments atá ag RTÉ.

Bhí Ó Cathaoir ina ábhar don chlár teilifíse Laochra Gael ar TG4 in Éirinn, a craoladh don chéad uair ar an 9 Samhain, 2002. Sa chlár seo, rinneadh cur síos ar a shaol imeartha, le agallamh leis féin agus imreoirí eile.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Inis Tíog, sráidbhaile beag ar bhruach na Feoire i gContae Chill Chainnigh a saolaíodh Éadbhard Ó Cathaoir thiar sa bhliain 1941. Nuair a bhí sé ina bhuachaill óg, chaith sé a laethanta ar fad ag cleachtadh iomána leis a chairde amuigh ar an gcearnóg i lár an tsráidbhaile. Bhí sé soiléir ón am seo fiú go raibh féith na h-iománaíochta go láidir ann, agus bhain an leaid óg cáil áitiúil amach agus é ach ocht mbliana d'aois nuair a d'imir sé i gcluiche ceannais sa cheantar ag leibhéal faoi-14. Cé go raibh sé an-óg fós, luainn tuairisc amháin ón chluiche seo an sárchumas a bhí aige, agus a thréith le pocanna saora ach go háirithe. Níos moille, d'fhreastail sé ar Choláiste Naomh Ciarán i gCill Chainnigh, áit atá cáiliúil fós ar fud na tíre mar naíolann iománaíochta. Ag aois cúig bliana déag, bhí sé i gcroílár na foirne a chloígh Coláiste Naomh Flannan as Inis i gcluiche ceannais uile-Éireann na gColáistí sa bhliain 1957. Sa chluiche seo, chuir sé an sliotar san eangach trí huaire sa dara leath chun an bua a chinntiú do Naomh Ciarán, sular chruthaigh sé an ceathrú cúl d'imreoir eile. Sa bhliain 1959, bhí sé ina chaptaen ar an bhfoireann a fuair an ceann is fearr ar Scoil na Mainistreach as Tiobraid Árann, an dara bua a bhí acu sa chomórtas seo.

Gairmréim iománaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Club[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leis a chlub áitiúil An Robhar/Inis Tíog i gContae Chill Chainnigh a chaith Ó Cathaoir a laethanta imeartha. Ní raibh an club seo i measc na cinn ba rathúla in aon chor, agus níor tháinig siad ar an bhfód sa craobh contae sinsearach go dtí na 1960idí. Sa bhliain 1968, ámh, tháinig an fhoireann aniar aduaidh chun craobh an chontae a bhaint amach, agus ní gá a rá gur chuir éachtaí Uí Chathaoir go mór leis. Mar aitheantas ar an méid a bhí déanta aige, ceapadh Ó Cathaoir ina chaptaen ar an bhfoireann idirchontae sinsearach don bhliain 1969. Lean Ó Cathaoir ar aghaidh ag imirt leis an gclub go dtí na 1980idí.

Idir-chontae[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níorbh fhada go raibh a chuid taispeántais le Naomh Ciarán tugtha faoi deara ag roghnaitheoirí na foirne mionúrach Chill Chainnigh ag deireadh na 1950idí. Bhuaigh Ó Cathaoir áit san fhoireann gan mhoill, agus sa bhliain 1957 bhí a chéad bhonn i gCraobh Laighean bainte amach aige. Bhí sé ar an bhfoireann céanna a shroich cluiche ceannais na hÉireann na bliana seo, ach fuair Tiobraid Árann an lámh in uachtar orthu sa bhabhta seo. Bhí Ó Cathaoir agus na Cait ar ais i gceannas áfach, ag buachaint Craobh Laighean arís sna blianta 1958 agus 1959. Chaill siad cluiche ceannais na bliana 1959, in aghaidh Tiobraid Árann arís. Ba mhór an díomá a bhí ar an gCait, ach bhí rath ar bhonn pearsanta dó le sé chúilín i gcluiche ceannais na bliana seo.

Ar an lá ceannann céanna, chríochnaigh an cluiche ceannais sinsearach idir Cill Chainnigh agus Pórt Láirge mar chomhscór, agus socraíodh an athimirt mí amháin ón dáta seo. Le linn an tréimhse ghearr seo, ceithre sheachtain cruinn, rinne Eddie traschur gan stró ar bith ó mhionúr go sinsear. Tar éis cailliúint na mionúrach, d'imir sé thar barr in dhá chluiche neamhoifigiúla i gcoinne Bhaile Átha Cliath agus Loch Garman, agus mar thoradh roghnaíodh é mar ionadaí sa scuaid sinsearach in am don athimirt. Le fiche nóiméad ar an gclog sa chluiche ceannais, seoladh chun pháirce é in áit Johnny McGovern. Lá mór a bhí ann don imreoir óg. Cé gur chuir sé taispeántas réasúnta maith isteach, bhí an lá ag na Déisigh. D'ainneoin an díomá a bhí ann an lá seo, bhí tús curtha aige le gairmréim fhada agus rathúil idirchontae a mhairfeadh go dtí na seachtóidí. Trí bliana ina dhiaidh sin, bhí Ó Cathaoir agus na Cait ar ais, agus bhailigh sé a chéad bhonn sa tSraith Náisiúnta, an chéad bhua ag foireann Chill Chainnigh sa chomórtas seo ó nuair a bhí 1933 ann.

An bhliain ina dhiaidh sin, 1963, thaispeáin Ó Cathaoir an t-sarimreoir a bhí ann le 2-5 sa chluiche leathcheannas Laighean. Bhuaigh sé a chéad bhonn Laighean na bliana seo, le bua compordach in éadan Bhaile Átha Cliath sa chluiche deiridh. Cháiligh na Cait go díreach do cluiche ceannais na hÉireann na bliana seo, áit ina thug siad aghaidh ar Phórt Láirge arís, don tríú huaire i ndiaidh a gcéile. B'é sin an dara cluiche ceannais a chraol RTÉ go beo ar an teilifís, agus bhí tréithí Uí Chathaoir ann le feiceáil don tír ar fad. Sa chluiche féin d'aimsigh sé ceithre phointe déag, curiarracht an lae, deich astu ó phocanna saoire agus fuair Cill Chainnigh an ceann is fearr ar na Déisigh le scór deiridh 4-17 go 6-8. Ábhar áthais ab ea é dó, a chéad bhonn uile-Éireann buaite aige, faoi dheireadh.

Sa bhliain 1964, bhuaigh Ó Cathaoir a dhara bhonn Laighean tar éis bua cuimsitheach eile thar Baile Átha Cliath. Bhuail siad le Tiobraid Árann sa chluiche ceannais na bliana seo. Cé gur cheapadh go mbeadh bua éasca ag curaidh na hÉireann, fuair siad bualadh glan ó fhir na Mumhan, le scór deiridh 5-13 go 2-8. Drochscéal arís sa bhliain 1965 nuair a bhaineadh a gcoróin Laighean díobh, ach tháinig siad ar ais sa bhliain 1966 agus bhí a dhara bhonn sa tSraith agus tríú bhonn Laighean buaite ag Ó Cathaoir. Bhí Corcaigh ag fanacht dóibh sa chluiche deiridh an babhta seo, don chéad uair ón bhliain 1947. Síleadh go mbeadh an lá ag curaidh Laighean in aghaidh foireann Chorcaí a bhí in ísle brí, ach bhí iontas ann arís. Fuair Ó Cathaoir cúl amháin ag deireadh an chluiche, ach bhí an dochar déanta agus thóg na Ceannaircigh an corn abhaile, an chéad bua as dá bhliain déag. Choimeád na Cait smacht Chúige Laighean sa bhliain ina dhiaidh sin, le Ó Cathaoir ag tabhairt a cheathrú bhonn Laighean abhaile sular shiúil sé amach ar an bhféar i bPáirc an Chrócaigh ina chúigiú cluiche ceannais uile-Éireann. Bhí Tiobraid Arann ós a gcomhair ar an lá seo. Le cúil ag bomaití tábhachtacha sa chluiche ó Paddy Moran, Martin Brennan agus Tom Walsh, chuir Cill Chainnigh deireadh le ré fada mí-rathúil in aghaidh an chontae seo, a mhair ón bhliain 1922. An scór deiridh a bhí ann an babhta seo ná 3-8 go 2-7, agus bhailigh Ó Cathaoir a dhara bhonn uile Éireann.

Chuir Loch Garman deireadh le Cill Chainnigh go luath sa bhliain 1968. Cúlú sealadach a bhí ann, áfach, agus bhí na Cait ar ais sa tóir sa bhliain 1969, le Eddie Ó Cathaoir ina chaptaen ag an am seo. Phioc sé suas a chúigiú bhonn Laighean, gan mórán stró. Bhí Corcaigh ag fanacht i gcluiche ceannais na hÉireann, ba le díoltas ar intinn acu a chuaigh Ó Cathaoir agus Cill Chainnigh isteach sa chluiche. Ag tús an imeartha, bhí an cuma ar an scéal go mbeadh an lá ag na Ceannaircí arís in aghaidh an sean-namhaid. Ach le cúig chúilín sna seacht nóiméad deireanach, bhí an bua ag na Cait, agus b'é Ó Cathaoir a shiúil suas na staighre cáiliúil chun Corn Liam Mac Cárthaigh a ardú mar chaptaen na foirne.

Ag deireadh na seascaidí, bhí sé chluiche ceannais na hÉireann imeartha ag Ó Cathaoir, le trí thrófaí bainte amach aige. Ach bhí níos mó le teacht sna seachtóidí. Díreach sa bhliain 1971, bhailigh Ó Cathaoir a shéú bonn cúigeach, i ré ina raibh Cill Chainnigh ag fáil an lámh in uachtar go forleathan i gCúige Laighean ar Loch Garman. Bhí Tiobraid Árann amach rompu sa chluiche mór arís, an t-aon cluiche ceannais a mhair 80 nóiméad idir na fathaigh iomána seo. Thuill an cluiche seo áit i mbéaloideas iomána na hÉireann, de bharr roinnt eachtra a tharla. Lá stairiúil a bhí ann, mar gurb é an chéad chluiche ceannais na hÉireann a croalaodh ar theilifís dhaite ar RTÉ. Bhí muintir na tíre ag féachaint ar Ó Cathaoir ag gnóthú dhá chúl agus aon chúilín déag, curirracht a mhairfeadh ar feadh seacht mbliana déag, ach ag críochnú fós mar chailliúnaí. Bhí tromluí ceart ag laoch eile na gCat Ollie Walsh sa chúl. Cúl báire den scoth a bhí ann de ghnáth, ach bhí air an sliotar a phioc amach as an eangach cúigiú huaire. Cluiche spreagúil a bhí ann, agus chríochnaigh Michael 'Babs' Keating, a phiocadh amach mar Texaco Iomána na Bliana sa bhliain seo, an cluiche gan bhróga. Tar éis cluiche thar barr, tháinig na Tiobraid Árannaigh slán as le scór deiridh 5-17 go 5-14.

Ach bhí rath nua ar na bacáin sa bhliain 1972. Bhuaigh Ó Cathaoir a sheachtú craobh Laighean le bua tar éis athimirt in aghaidh Loch Garman. Agus arís eile, bhí na Ceannaircí as Contae Chorcaí ag fanacht sa chluiche ceannais, i gcluiche a cuimhnítear inniu mar cheann de clasaicí an ré nua-aimseartha. Leath bealaigh tríd an dara leath, bhí Corcaigh chun cinn agus mhéadaigh siad an bearna idir na foirne go dtí ocht gcúilín. Bhí dianbheartha de dhíth do na Cait, agus seoladh Ó Cathaoir thuas na páirce, níos giorra don chúl. I gceann de na h-éachtaí is clúití ón gcluiche seo, grabáil Ó Cathaoir ar an sliotar ón spéir agus chuaigh sé ag raibeáil ar ruathar síos an cliathán, i dteimheal Ardáin Uí Ógáin. Ón géaruillinn seo, phoc Ó Cathaoir an liathróid trasna i dtreo an chúl. Bhí an cuma air ar dtús go raibh sé ag iarraidh cúilín a aimsiú, ach i bpreabadh na súile thit an liathróid go tobann, ag mealladh cúl báire Paddy Barry, agus chuaigh sé isteach san eangach. An éacht seo déanta aige, thiontaigh Ó Cathaoir gan mothúchán ar bith, agus rith sé ar ais go dtí a áit cheart ar an bpáirce le fuil ag doirt amach ó chréacht thar a shúil. Cuimsíodh an cúl cáiliúil seo sna "Top 20 GAA Moments" a chuir RTÉ le chéile sa bhliain 2005. Chríochnaigh Ó Cathaoir an cluiche le dhá chúl agus naoi gcúilín, ach níos tábhachtaí a cheathrú bhonn uile-Éireann. Le 20 cúl agus 134 cúilín gnóthaithe aige i gcraobh na bliana seo (1972), ba roghnú éasca é mar Texaco Iománaí na Bliana.

Ní raibh pioc deacracht ag na gCait i gCraobh Laighean sa bhliain 1973, agus thóg Ó Cathaoir corn eile abhaile leis, an seachtú ceann sa chomórtas seo. Cáilithe sábháilte don chluiche ceannais, thug Cill Chainnigh aghaidh ar Luimneach don chéad uair ón bhliain 1940. Bhí an cuma air an scéal go mbeadh foireann Uí Chathaoir, curaidh Laighean agus curaidh na hÉireann mar a bhí siad, ar tí Corn Mhic Uidhir a thabhairt abhaile leo arís go Cill Chainnigh. Ach le cúl tábhachtach ó Mossie Dowling agus ruathar i ndiaidh ruathar ó ionsaithe Luimnigh, Richie Bennis ach go háirithe, bhí an bua ag Luimneach 1-21 go 1-14. Sa bhliain 1974, fuair Cill Chainnigh an ceann is fearr ar Loch Garman sa Chraobh Laighean, ach le bearna níos lú ná sna blianta roimhe sin. B'é sin an naoú gcorn Laighean a bhuaigh Ó Cathaoir. Bhí Luimneach ós a gcomhair arís, agus bhí seans acu díoltas a fháil do na Cait don bhliain roimhe sin. D'oscail curaidh na Mumhan bearna go tobann sa chluiche, ámh, cúig chúilín sa chéad aon nóiméad déag. Tháinig na Cait ar ais gan mhoill, fuair Ó Cathaoir cúl amháin ó phoc pionóis, agus tháinig cúpla chúl ó imreoirí eile. Bhuaigh na Cait le dhá chúilín déag sa deireadh, agus bhain Ó Cathaoir a chúigiú bhonn amach. Sa bhliain 1975, chloígh Cill Chainnigh Loch Garman don chúigiú bhliain i ndiaidh a gcéile i gcluiche ceannais an chúige, agus bronnadh a cúigiú bhonn Laighean ar Ó Cathaoir, a dheichiú san iomlán. Agus bhí cluiche ceannais eile ós a chomhair arís sa bhliain seo. B'é Gaillimh a bhí ann in éineacht leo, tar éis bua ionaidh sa bhabhta leathcheannas. Bhí tús maith ag na fir ó iarthar na tíre, agus iad trí chúilín chun cinn ag leath-ama. Ach le scóir mór eile ó Ó Cathaoir, 2 chúl agus 7 gcúilín, tháinig na Cait amach i gceannais le scór deiridh 2-22 go 2-10. Lá iontach arís don imreoir, tar éis dó a fhoireann a spreagadh chun an trófaí a bhaint, a séú cheann agus an ceann deireanach, ar an drochuair. Bhí sólás ann nuair a bhuaigh sé thríú Sraith sa bhliain 1976, ach fuair Loch Garman an lámh in uachtar orthu i Laighean sna blianta 1976 agus 1977. Le sin, cuireadh deireadh le gairmréim idirchontae iontach.

Cúige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Ó Cathaoir gníomhach ag leibhéal an chúige chomh maith, agus d'imir sé go rialta le Cúige Laighean sa chomórtas idir-chúigeach Corn an Iarnróid. Ar Lá Fhéile Pádraig na bliana 1961 a d'imir sé a chéad chluiche don chúige, in éadan na Mumhan. Lá suimiúil agus siamsúil a bhí ann don lucht féachana, le beirt de na hiománaithe is fearr riamh ar an bpáirc chéanna, Ó Cathaoir féin agus Christy Ring. Bhí gairmréim Uí Rinn ag druidim chun deiridh, ach bhí Ó Cathaoir ag cur tús leis a cheann féin. Bhí 1964 ann, ámh, nuair a bhain an réalta óg a chéad bhonn amach sa chomórtas. Bhailigh sé a bhoinn eile sna blianta 1965, 1967, 1971, 1972, 1973, 1974, 1975 agus 1977.

Gairmréim tar éis imirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é éirithe as an gcluiche, lean Ó Cathaoir ag obair mar oifigeach bainc, ach chaith sé seal mar bhainisteoir chomh maith. In éineacht le Pat Henderson, bhí sé i gceannas ar fhoireann iomána na gCat a chloígh Loch Garman i gcluiche ceannais Laighean sa bhliain 1979. Bhí bua uile-Éireann le teacht dó fós, le bua in éadan Gaillimh sa chluiche ceannais.

Scortha ón iomáint, thosaigh lucht leanúna an CLG ag féachaint ar Ó Cathaoir mar laoch an spóirt. Mar gheall ar na curiarrachtaí a rinne sé, agus a chumas le pocanna saora, ba roghnú éasca é nuair a cuireadh Foireann an Chéid le chéile sa bhliain 1984, nuair a bhí an CLG ag comóradh a gcéad bliain. Ní raibh mórán dabht ach an oiread go mbeadh sé cuimsithe i bhFoireann na Mílaoise freisin, nuair a fógraíodh é sa bhliain 1999.

Níos déanaí ina shaoil, chuaigh Ó Cathaoir ag obair mar oifigeach bainc i mBanc-Aontas Éireann, i mBaile Átha Cliath. Níos déanaí fós, rinneadh bainisteoir de ar an gcraobh AIB i gCallain, Contae Chill Chainnigh. Sa bhliain 2006, bronnadh Ollscoil Luimnigh Dochtúireacht Oinigh le hEolaíocht air.

Bhí Ó Cathaoir gníomhach i mbunú an No-Name Club thiar sa bhliain 1978, eagraíocht a chuireann siamsaíocht gan alcól ar fáil do dhaoine óga. Tá tríocha craobh acu ar fud na hÉireann, agus tá sé ag obair leo fós ina Oifigeach Forbartha Náisiúnta agus ina Chisteoir Náisiúnta. Is patrún an charthanais GOAL é chomh maith, agus tá suim mhór aige san obair atá á dhéanamh acu. Is minic a cuireann sé a am agus a stádas mar phearsa spóirt cáiliúil ar fáil dóibh.

Onóracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comórtas Uimhir Blianta
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 6 1963, 1967, 1969, 1972, 1974, 1975
Craobh Iomána Sinsearach Laighean 10 1963, 1964, 1966, 1967, 1969, 1971, 1972, 1973, 1974, 1975
Sraith Iomána Náisiúnta 3 1962, 1966, 1976
Craobh Iomána Mionúrach Laighean 4 1956, 1957, 1958, 1959
Corn an Iarnróid 9 1964, 1965, 1967, 1971, 1972, 1973, 1974, 1975, 1977
Craobh Iomána Chill Chainnigh 1 1968
Sárimreoirí na Bliana 5 1971, 1972, 1973, 1974, 1975
Gradaim Chú Chulainn 4 1963, 1966, 1967, 1969
Texaco Iománaí na Bliana 1 1972

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]



Foireann Iománaíochta na Mílaoise (2000)

1 Antóin Ó Roideacháin | 2 Seán Ó Dúghaill | 3 Nioclás Ó Domhnaill | 4 Roibeard Mac Riocaird | 5 Pádraig Ó Faoláin | 6 Seán Ó Céin | 7 Brian Ó Faoileacháin | 8 Seán Ó Loingsigh | 9 Lory Ó Meachair | 10 Criostóir Ó Rinn | 11 Mícheál Mac Aodha | 12 Séamas Langtún | 13 Éadbhard Ó Cathaoir | 14 Réamann Ó Coimín | 15 Séamas Ó Dúghaill |