GOAL
| Ainmnithe in ómós | cúl sacair |
|---|---|
| Sonraí | |
| Cineál | eagraíocht neamhbhrabúis gníomhaireacht chabhrach carthanas eagraíocht |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1977 |
| Bunaitheoir(í) | John O'Shea |
| Gníomhaíocht | |
| Ball de | Start Network (2015–) |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Líon fostaithe | 110 (2023) |
| Táscaire eacnamaíoch | |
| Ioncam iomlán | 153 M€ (2020) |
| Sócmhainní iomlána | 68,536,018 € (2023) |
| Suíomh gréasáin | goalglobal.org |
Is cumann carthanachta idirnáisiúnta é GOAL. Is é John O'Shea,[1] iaririseoir spóirt, bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach na heagraíochta.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh GOAL sa bhliain 1977 i mBaile Átha Cliath. Tá an cheanncheathrú suite ann i gcónaí.
Roimh 2025, bhí GOAL ag feidhmiú i 14 tír ar fud an domhain, cuid mhaith acu san Afraic. Bhí foirne oibre ag GOAL san Afraic, sa Mheánoirthear, Meiriceá Theas agus Láir agus sa Mhuir Chairb.
2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na Stáit Aontaithe an tír is mó a bhíodh ag deonadh airgid don eagraíocht go dtí 2025. €206m a fuair GOAL mar ioncam i 2023; tháinig 50% de sin ó Rialtas Mheiriceá.[2]
Ach in 2025, chuir na Stáit Aontaithe stop lena gcúnamh forbartha, a bhuíochas do pholasaithe an uachtaráin Trump a tháinig i gcumhacht i mí Eanáir 2025 (=> Dara téarma Trump). Rinne na thíortha san Eoraip gearradh siar ar chistí airgeadais ag an am céanna.[2]
Cailleadh breis is 900 duine go domhanda a bpostanna san eagraíocht GOAL, 28 díobh in Éirinn. Chuir na ciorruithe géara isteach ar dhaoine bochta timpeall an domhain.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "John O'Shea (humanitarian)" (as en) (2025-01-07). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2025-03-29). "Goal i dtrioblóid mhór" (as ga-IE).
