Jump to content

Domhnall Ó Baoighill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDomhnall Ó Baoighill
Beathaisnéis
Breith25 Eanáir 1878
Croithlí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Bealtaine 1948
70 bliana d'aois
Áit adhlacthaDamhliag Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge

Rugadh Domhnall Ó Baoighill (nó Daniel Boyle) i gCroithlí, Contae Dhún na nGall ar 25 Eanáir 1878, an duine ba shine de Daniel Boyle agus Ellen Boyle. Phós siad i nGaoth Dobair ar 27 Eanáir 1876. Ba as Croithlí eisean, naoi mbliana is fiche d’aois, ní raibh sé pósta roimhe, feirmeoir a bhí ann, agus ba é Daniel Boyle (caillte) a athair. Ba as Dobhair ise, 20 bliain d’aois, ní raibh sí pósta roimhe , agus ba é Mánus Boyle a hathair (John a thugtar air mar atá ráite ar an teastas pósta).

Seo mar a bhí an teaghlach sa bhliain 1901.[1]

Oideachas agus gairmréim

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Domhnall ag obair mar "tae agent." Oíche an daonáirimh bhí sé ag lóistín i mbaile Ráth Bhoth.

Fuair Domhnall teastas ó Choláiste Uladh (Cloich Chionnaola)[2] i mí Lúnasa 1907, agus thosaigh sé láithreach ag obair mar thimthire le Conradh na Gaeilge, i gcontaetha Dúin, Ardmacha, agus Mhuineacháin. Chaith sé mí ar dtús i gcuideachta Aodha Uí Dubhthaigh ag foghlaim na ceirde.

Phós sé Kathleen Lacey ag Damhliag, Co na Mí ar 27 Iúil 1910.

Oíche an daonáirimh i 1911 , bhí Domhnall, mar bhall de Chonradh na Gaeilge, ag lóistín i Sráid San Proinsias i nGaillimh.

Anseo tá sé ina shuí i measc cuid dá chomh-thimthirí. Ar chúl, tá Peadar Ó hAnnracháin, Seán Ó Muirthile, Seán Ó Cearbhaill, Mícheál Ó Briain, Mícheál Ó Foghlú; ina suí tá Seán Mac Éinrí, Domhnall Ó Baoighill, Seán Ó Ruadháin. (Pictiúr: Pádraig Ó Cearbhaill, B'aoibhinn a Bheith Beo (Coiscéim 1987), ón Chlaidheamh Soluis)

Lean sé a thimthireacht i gconndaetha éagsúla ó thuaidh go dtí Geimhreadh 1914–15; bhí sé ag obair i nGlinntí Aontroma i 1910, mar shampla.

Bhí sé ar an bhfoireann teagaisc sa chéad seisiún de Choláiste Bhríde, Ó Méith sa bhliain 1912. Ina seasamh sa phictiúr seo tá Peadar Ó Dubhda agus Domhnall Ó Baoighill. Ina suí, tá Aodh Mac Gréachán, Eoin Mac Neill, agus Éamonn de Baldrain.

Scríobh Dubhghlas de hÍde litir mholta chuige, ag iarraidh post i 1915. Tá sé le tuiscint ón litir seo gur chaith Domhnall tamall i bpost riaracháin leis an mbóthar iarainn. Cuirtear síos air mar “fear gnó” i nDamhliag i 1919, agus mar “cheannaí” i 1948. Seans gur mhúin sé Gaeilge i nDroichead Átha in am éighinteacht.

Thug De hÍde cuireadh dó cuairt a thabhairt ar Áras an Uachtaráin in 1938.

Chuir sé Gaeilge le “Forairí an Mhachaire” (Scouts of the prairie) i 1939.[3] Síltear gur úsáid sé "An Siolpach" mar ainm pinn freisin. Bhí litreacha ón Siolpach ar na "Derry People", mar shampla, ar 1943/01/30, 1943/02/13 agus 1943/02/27.

Fuair sé bás ar 30 Bealtaine 1948 agus tá sé curtha i nDamhliag, Contae na Mí.[4]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]