Domhnall Ó Baoighill
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Eanáir 1878 Croithlí, Éire |
Bás | 30 Bealtaine 1948 70 bliana d'aois |
Áit adhlactha | Damhliag |
Gníomhaíocht | |
Gairm | múinteoir |
Ball de | |
Teangacha | An Ghaeilge |
Rugadh Domhnall Ó Baoighill (nó Daniel Boyle) i gCroithlí, Contae Dhún na nGall ar 25 Eanáir 1878, an duine ba shine de Daniel Boyle agus Ellen Boyle. Phós siad i nGaoth Dobair ar 27 Eanáir 1876. Ba as Croithlí eisean, naoi mbliana is fiche d’aois, ní raibh sé pósta roimhe, feirmeoir a bhí ann, agus ba é Daniel Boyle (caillte) a athair. Ba as Dobhair ise, 20 bliain d’aois, ní raibh sí pósta roimhe , agus ba é Mánus Boyle a hathair (John a thugtar air mar atá ráite ar an teastas pósta).
Seo mar a bhí an teaghlach sa bhliain 1901.[1]
Oideachas agus gairmréim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Domhnall ag obair mar "tae agent." Oíche an daonáirimh bhí sé ag lóistín i mbaile Ráth Bhoth.
Fuair Domhnall teastas ó Choláiste Uladh (Cloich Chionnaola)[2] i mí Lúnasa 1907, agus thosaigh sé láithreach ag obair mar thimthire le Conradh na Gaeilge, i gcontaetha Dúin, Ardmacha, Lú agus Mhuineacháin. Chaith sé mí ar dtús i gcuideachta Aodha Uí Dubhthaigh ag foghlaim na ceirde.
Phós sé Kathleen Lacey ag Damhliag, Co na Mí ar 27 Iúil 1910.
Oíche an daonáirimh i 1911 , bhí Domhnall, mar bhall de Chonradh na Gaeilge, ag lóistín i Sráid San Proinsias i nGaillimh.
Anseo tá sé ina shuí i measc cuid dá chomh-thimthirí. Ar chúl, tá Peadar Ó hAnnracháin, Seán Ó Muirthile, Seán Ó Cearbhaill, Mícheál Ó Briain, Mícheál Ó Foghlú; ina suí tá Seán Mac Éinrí, Domhnall Ó Baoighill, Seán Ó Ruadháin. (Pictiúr: Pádraig Ó Cearbhaill, B'aoibhinn a Bheith Beo (Coiscéim 1987), ón Chlaidheamh Soluis)
Lean sé a thimthireacht i gconndaetha éagsúla ó thuaidh go dtí Geimhreadh 1914–15; bhí sé ag obair i nGlinntí Aontroma i 1910, mar shampla.
Bhí sé ar an bhfoireann teagaisc sa chéad seisiún de Choláiste Bhríde, Ó Méith sa bhliain 1912. Ina seasamh sa phictiúr seo tá Peadar Ó Dubhda agus Domhnall Ó Baoighill. Ina suí, tá Aodh Mac Gréachán, Eoin Mac Neill, agus Éamonn de Baldrain.
Scríobh Dubhghlas de hÍde litir mholta chuige, ag iarraidh post i 1915. Tá sé le tuiscint ón litir seo gur chaith Domhnall tamall i bpost riaracháin leis an mbóthar iarainn. Cuirtear síos air mar “fear gnó” i nDamhliag i 1919, agus mar “cheannaí” i 1948. Seans gur mhúin sé Gaeilge i nDroichead Átha in am éighinteacht.
Thug De hÍde cuireadh dó cuairt a thabhairt ar Áras an Uachtaráin in 1938.
Chuir sé Gaeilge le “Forairí an Mhachaire” (Scouts of the prairie) i 1939.[3] Síltear gur úsáid sé "An Siolpach" mar ainm pinn freisin. Bhí litreacha ón Siolpach ar na "Derry People", mar shampla, ar 1943/01/30, 1943/02/13 agus 1943/02/27.
Fuair sé bás ar 30 Bealtaine 1948 agus tá sé curtha i nDamhliag, Contae na Mí.[4]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairt
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Daniel Boyle
- ↑ [1]AN SAOL I GCONTAE DHÚN NA NGALL IN 1916
- ↑ Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
- ↑ Domhnall O'Baoighill