Deir
| Cineál | galar víreasach tógálach, ionfhabhtú craicinn, ionfhabhtú Varicella zoster, galar iarvíreasach, galar craicinn víreasach, neamhord néareolaíoch agus galar |
|---|---|
| Speisialtacht leighis | galair thógálacha, deirmeolaíocht agus néareolaíocht |
| Cóireáil chliniciúil | |
| Comharthaí | chronic neuropathic pain (en) |
Cógais famciclovir (en) | |
| Pataigineas | |
| Suíomh | néarchóras agus gainglín |
| Cúis | Human herpesvirus 3 |
| Aicmiú | |
| ICD-11 | 1E91 |
| ICD-10 | B02 |
| ICD-9 | 053 |
| CIAP | S70 |
| Acmhainní seachtracha | |
| Enciclopèdia Catalana | 0232557 |
| DiseasesDB | 29119 |
| MedlinePlus | 000858 |
| eMedicine | 1132465 |
| Patient UK | shingles-and-shingles-vaccination |
| MeSH | D006562 |
| UMLS CUI | C0019360 |
| DOID | DOID:8536 |
Is riocht í an deir[1] a tharlaíonn de bharr athghníomhachtú víreas na bolgaí a bhíonn folaithe i ngainglíní na néaróg céadfach sómatach. Tugtar heirpéas zoster uirthi freisin. Cuireann sí tús le pian is gríos, cosúil le colg (saicíneach), thar na réigiúin sin den chraiceann a sholáthraíonn an néaróg ionfhabhtaithe. I measc na láithreacha a fhéadfaidh a bheith scrúdta léi tá an stoc, coirne na súile, agus an craiceann gar don tsúil.[2]
Siomptóim deire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad seo a leanas gnáthshiomptóim deire:
- Gríos pianmhar a mbíonn cuma stríoctha amháin air de ghnáth ar thaobh amháin den chorp, go minic ar an gcabhail nó ar an aghaidh.
- Spuaiceanna a phléascann agus a éiríonn crua ina dhiaidh sin
- Tochas, griofadach nó mothú dóite roimh theacht an ghrís
- D’fhéadfadh fiabhras, tinneas cinn agus tuirse a bheith i gceist leis i gcásanna áirithe chomh maith.
Aimhréidheanna deire
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhéadfadh deacrachtaí éagsúla a bheith mar thoradh ar dheir, lena n‑áirítear:
- Pian leanúnach néaróige a mhaireann ar feadh míonna nó fiú blianta i gcásanna áirithe fiú agus an gríos leigheasta
- Má théann deir i bhfeidhm ar na súile, d’fhéadfadh ionfhabhtuithe súl agus caillteanas físe a bheith mar thoradh uirthi.
Conas a scaiptear an deir?
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní féidir leat an deir a tholgadh ach amháin má bhí an deilgneach agat roimhe seo mar gurb é athghníomhachtú an víris díomhaoin sa chorp is cúis leis. Mura raibh an deilgneach agat nó an vacsaín an n aghaidh na deilgní agat roimhe seo, agus má thagann tú i dteagmháil le duine a bhfuil an deir air, is féidir í a tholgadh. Is lú an seans go scaipfidh duine a bhfuil an deir air an víreas chuig daoine eile má má chlúdaíonn siad a ngríos go hiomlán.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): deir” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-12.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Deir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 205.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |