Gainglín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

San anatamaíocht, an bailiúchán d'fhíochán néarógach liath (gan mhiailin) sa nearchóras. I gcás na n-inveirteabrach, an chuid is mó den néarchóras lárnach. Sna veirteabraigh, tá roinnt gainglíní sa néarchóras lárnach (mar shampla, na bonnghainglíní), ach an chuid is mó sa néarchóras forimeallach mar bhailiúcháin de choirp cealla néarón (gainglíní an dromlaigh). Ionaid cumarsáide idir néarchealla atá iontu. Sa mhíochaine chliniciúil, cist a chruthaítear i leith truaill teannáin, at gan phian gan dochar. Faightear go coitianta os cionn an rosta nó ar dhroim na láimhe é.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gainglín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 299.