Miailin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhar bog bán, coimpléasc lipidí is próitéiní, a dhéanann truaill ilchisealach inslithe timpeall ar acsóin le trastomhais mhóra de na néaróin i veirteabraigh is crústaigh. Méadaíonn sé seo luas seolta an phoitéinseal gníomhaithe ar feadh an acsóin. Má tharlaíonn dianscaoileadh céimnitheach na truaille, mar a tharlaíonn i scléaróis iolrach dhaonna, is é an toradh ná réabadh an tseolta normálta sna néaróin.