Coirne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtCoirne
Sonraí
Laidincornea
Cuid desúil dhaonna agus súil
Aitheantóirí
MeSHD003315
TAA15.2.02.012
FMA58238 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.1070
EB Onlinescience/cornea
Téarmaíocht anatamaíoch


Anatamaíocht na súile 1. Cúlchuasán 2. Cuaisín tosaigh 3. Coirne 4. Mac imrisc 5. Uvea 6. Inteachán 7. Corp fabhránach 8. Córóideach 9. Scléara 10. Ballnasc crochta an lionsa 11. Lionsa 12. Lionn gloiní 13. Ducht hiailideach 14. Reitine 15. Macula lutea 16. Foibhé 17. Diosca optach 18. Néaróg optach 19. Fuileadáin na reitine

An chuid thrédhearcach thosaigh de chumhdach seachtrach cosanta mheall na súile. Bíonn a cuaire difriúil ó dhuine go duine agus de réir aoise (níos mó san ógánach, níos lú sa seanduine). Más mór an éagothroime idir an chuaire chothrománach is an chuaire ingearach, ní bíonn an tsúil in ann líne chothrománach is líne ingearach a fhócasú ag an bpointe céanna: tugtar aistiogmatacht ar an riocht sin. Bíonn an choirne freagrach as athraonadh an tsolais a théann isteach sa tsúil, á fhócasú go neasach ar an reitine ionas nach gá don lionsa ach mionathrú mín deireanach a dhéanamh. Níl aon fhuileadáin i gcoirne an duine fhásta, ach amháin ag na himill. Is féidir gurb é sin an chúis nach ndiúltaítear do bheanguithe coirne.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Coirne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 160.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]