Crith talún Sumatra-Andaman (2004)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCrith talún Sumatra-Andaman
Íomhá
Map
 3°17′42″N 95°58′55″E / 3.295°N 95.982°E / 3.295; 95.982
Cineálsúnámaí
tubaiste nádúrtha
tubaiste
Crith talún Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana26 Nollaig 2004 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Indinéis, an Mhalaeisia, an Téalainn, Maenmar, an Bhanglaidéis, an India, Srí Lanca, Oileáin Mhaildíve, an tSomáil, an Chéinia, an Tansáin, Oileáin Chomóra, Madagascar, an Afraic Theas, an Fhrainc, Oileán Mhuirís, French Southern and Antarctic Lands (en) Aistrigh, Oileánra Chagos, Na Séiséil agus Poblacht Éimin Cuir in eagar ar Wikidata
Méadaíocht crith talún (Scála Richter)9.3 Cuir in eagar ar Wikidata
Scála déine MercalliMercalli scale IX (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearach30 km (folár) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna227,898 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe125,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide


Tharla crith talún agus súnámaí san Aigéan Indiach, nó an crith talún Sumatra-Andaman, faoin bhfarraige, ag 00:58:53 UTC ar an 26 Nollaig 2004, ar na hanachana aiceanta is measa ó tosaíodh ar an stair a thaifeadadh.

Maraíodh timpeall 230,000 duine.[1][2][3] Ba iad an Indinéis, an Téalainn, Srí Lanca agus an India na tíortha ba mhó a d’fhulaing (14 tír in iomlán). Fágadh na milliúin duine thart ar an Aigéan Indiach gan dídean,

Ní dhéanfar dearmad a fhad is a mhairfidh na pictiúir ó Lá Fhéile Stiofáin de na tonnta móra arda ag briseadh isteach agus ag sciobadh na gcorp amach chun na farraige.[4]

creathanna talún go leor

Crith talún[cuir in eagar | athraigh foinse]

9.2 ar an scála Richter a bhí an crith talún is mó, thar a bheith mór, in aice le Banda Aceh. Ba chúis leis an súnámaí é a tháinig níos déanaí.[5] Is zón fodhuchtaithe é Sumatra-Andaman, áit a bhfuil an pláta Indiach ag dul faoin bpláta Eoráiseach. Sa bhliain 2004 bhí go leor uisce díláithrithe, rud a chruthaigh an súnámaí.[6]

tonnta

Súnámaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh go raibh breis is súnámaí amháin i gceist leis an tubaiste seo,:[5]

Military Sealift Command hospital ship USNS Mercy, 3 Feabhra 2005

San India bhí an t-aos seachanta, nó na Dalit mar is fearr aithne orthu, thíos go mór leis an tubaiste. Sa stát deisceartach, Tamil Nadu, meastar go bhfuair breis is 10,000 díobh bás is gur easáitíodh tuairim is 650,000 díobh.[5]

Cúnamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

léirscrios, Banda Aceh

Tosaíodh ar an atógáil ar an toirt, iarrachtaí a thóg roinnt mhaith blianta. Ón uair a bhuail an súnámaí thosaigh Crois Dhearg na hÉireann ag obair lá ar láimh le Crois Dhearg na hIndinéise agus le cumainn náisiúnta eile chun cuidiú le muintir na hIndinéise srl agus iad ag atógáil a mbeatha féin agus ag glacadh seilbhe ar a dtodhchaí féin.[7]

Sa bhliain 2008 i Srí Lanca, bhí Crois Dhearg na hÉireann ag tabhairt tacaíochta i gcónaí do sé cinn de thionscadail nua, iad dírithe ar an bhonneagar sláinte a scriosadh sa Súnámaí i 2004.[7]

Córas rabhadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis an súnámaí sa bhliain 2004, cuireadh córas rabhadh súnámaí ar bun. Is léir ón méid a tharla sa bhliain 2012 - crith talún eile - go raibh an córas rabhadh ag obair mar is cheart. Chomh luath is  a bhí an t-eolas ag an US Pacific Warning Centre i Haváí, in 2012, bhuail aláram sna ceantair cósta an Indinéis agus tíortha eile agus d’imigh muintir na háite go talamh ard.[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Indian Ocean tsunami of 2004 | Facts & Death Toll | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2022-12-26.
  2. Dave Roos. "The 2004 Tsunami Wiped Away Towns With 'Mind-Boggling' Destruction" (en). HISTORY. Dáta rochtana: 2022-12-26.
  3. "Indian Ocean Tsunami 2004 - International Tsunami Information Center". itic.ioc-unesco.org. Dáta rochtana: 2022-12-26.
  4. Máguaird 2: Súnámaí. An tUltach 82 (7), 4. Gan údar. Iúil 2006
  5. 5.0 5.1 5.2 Alan Desmond (2010). "Muintir Dalit" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-11-01.
  6. "Rabhadh Súnámaí san Aigéan Indiach" (ga). Tíreolaíocht (2012-04-12). Dáta rochtana: 2022-12-26.
  7. 7.0 7.1 redcross.ie (2008). "Tuarascáil Bhliantúil 2008". Dáta rochtana: 2022.
  8. "Rabhadh Súnámaí san Aigéan Indiach" (ga). Tíreolaíocht (2012-04-12). Dáta rochtana: 2022-12-26.