An Indinéisis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Indinéisis
Bahasa Indonesia

Eapainman Indinéis
Cineálteanga, teanga chaighdeánach, teanga bheo agus teanga litríochta
Úsáid
Cainteoirí dúchais198,996,550 (2010)
Dúchasach doan Indinéis
Stáitan Indinéis
Comhordanáidí6°10′30″S 106°49′39″E / 6.175°S 106.8275°E / -6.175; 106.8275
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Astrál-Téacha
teangacha Astrainéiseacha
teangacha Malae-Pholainéiseacha
Malayic (en) Aistrigh
Malayan (en) Aistrigh
An Mhalaeis
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheBadan Pengembangan dan Pembinaan Bahasa (en) Aistrigh
Staidéar agindonesiology (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1id
ISO 639-2ind
ISO 639-3ind
Glottologindo1316
Ethnologueind
ASCL6504
IETFid

Is í an Indinéisis teanga oifigiúil na hIndinéise. Bronnadh an stádas seo ar an teanga nuair a bhain an tír amach a neamhspleáchas sa bhliain 1945. Tá an teanga ag beagnach 100% de dhaonra na tíre inniu, mar atá, ag 250 milliún duine, a bheag nó a mhór. Sa bhreis ar an teanga oifigiúil, labhraítear teangacha éagsúla i gcúigí, i réigiúin agus i bpobail áitiúla, cosúil leis an Iáivis, an teanga Baso Minangkabau, an tSundais (in Oileáin Sunda), agus an Basa Bali (in Oileán Bali). Is í an teanga réigiúnach nó an chanúint áitiúil an teanga a labhraítear sa bhaile agus ag imeachtaí cultúrtha áitiúla, ach is í an Indinéisis a chloistear ar an raidió agus ar an teilifís, a léitear ar na nuachtáin agus a úsáidtear sa chóras oideachais.

An Indinéis

Teanga Mhalae-Pholainéiseach í an Indinéisis, nó bahasa Indonesia, mar a deir an teanga féin: focal iasachta ón tSanscrait é an focal sin bahasa, agus is é is ciall leis ná "teanga". Is í an Indinéisis teanga oifigiúil náisiúnta na hIndinéise, agus go bunúsach, is leagan caighdeánaithe í den Mhalaeis. Is féidir le muintir na Malaeisia Indinéisis a thuiscint, ach is é an dearcadh atá acu siúd ná go bhfuil a gcuid Malaeise níos cóngaraí do Mhalaeis liteartha na laethanta a bhí. Maidir leis an Indinéisis, is francbhéarla í - teanga a úsáidtear mar ghléas cumarsáide is caidrimh idir na dreamanna eitneacha éagsúla san Indinéis, agus bíonn na hIndinéisigh foighneach i leith na ndeacrachtaí a bhíonn ag na cainteoirí neamhdhúchais an teanga a fhoghlaim agus na mbotún a dhéanann siad. An chuid is mó de mhuintir na hIndinéise ní cainteoirí dúchais iad féin, cé go bhfuil an teanga go líofa acu, ós í teanga na scoile náisiúnta í.

Bhí leagan nasctheangaithe den Mhalaeis, an Bazaar Malay nó Malaeis an Mhargaidh, á labhairt go forleathan ar fud na hIndia Thoir Dúitsí (an t-ainm a bhí ar an Indinéis nuair a bhí sí ina coilíneacht ag an Ísiltír). Mar sin, bhí tuiscint éigin ag cuid mhór de mhuintir na n-oileán seo ar an Malaeis sular bhain an Indinéis amach a neamhspleáchas. Bhí teangacha eile - go háirithe an Iáivis (teanga Oileán Iáva) - á labhairt ag sluaite móra san oileánra, ach b'fhearr leis na náisiúnaithe gan aon cheann acu a chur chun cinn de rogha ar na teangacha dúchasacha eile. Ina áit sin, roghnaigh siad an Mhalaeis (an Indinéisis) mar theanga oifigiúil.

D'fhág an Bazaar Malay a shliocht ar an Indinéisis mar a labhraítear inniu í, rud a chuireann leis an imprisean gurb í Malaeis na Malaeisia an tseanteanga chultúrtha, agus gurb í an Indinéisis an béarlagair agus an leathchaint uirbeach.

Fuair an Indinéisis a lán focal iasachta ó theangacha eile i rith a staire, ní nach ionadh: ón tSanscrait, ón tSínis - go háirithe ón gcanúint Hokkien, arb í an cineál Sínise is mó a labhraítear san oileánra mar theanga dhúchais - ón bPortaingéilis, a bhí tábhachtach sa chearn seo den domhan i gcúrsaí trádála go tús na naoú haoise déag, ón Ollainnis, teanga na máthairthíre i ré an choilíneachais, agus ón mBéarla, ar ndóigh. Thairis sin, bíonn focail áirithe Iáivise ag éirí coitianta sa teanga labhartha inniu, ós í an Iáivis an teanga is mó cainteoirí dúchais san Indinéis. Cé go mbítear ag cruthú focail nua agus téarmaí nua, bíonn lucht a labhartha ar nós na réidhe i leith na bhfocal iasachta, ionas gur minic a chloisfeá an focal Béarla, cuir i gcás, agus an téarma dúchasach á n-úsáid sa ghnáthchaint taobh le taobh - go háirithe nuair a bhítear ag tagairt do ghléasra theicneolaíoch. Mar shampla, is féidir rice cookerpenanak nasi a thabhairt ar an gcócaireán ríse, ar gléas tábhachtach é i gcistin an Indinéisigh.

Glactar leis go coitianta go bhfuil sé furasta Indinéisis a fhoghlaim. Níl mórán iarmhíreanna ná díochlaontaí ann - cuirtear an uimhir iolra féin in iúl tríd an bhfocal a rá faoi dhó (eamhnú, mar a thugann na teangeolaithe air): orang "duine", orang-orang "daoine" (is féidir orang2 a scríobh, fosta, cé nach bhfuil stádas an chaighdeáin ag an leagan seo a thuilleadh). Ní eamhnaítear an t-ainmfhocal ar lorg na huimhreach, áfach: seribu orang "míle duine". Úsáidtear an t-eamhnú ar dhóigheanna eile freisin, áfach: hati "croí, ae", hati-hati "bheith cúramach" ("do chroí a chur san obair" an bunsmaoineamh anseo, is dócha), agus uaireanta, tá uimhir uatha an fhocail eamhnaithe cheana, ionas nach féidir é a eamhnú leis an uimhir iolra a chruthú: biri-biri "caora", kupu-kupu "féileacán".

San Indinéisis chaighdeánach, is minic a chuirtear focal "aonaid" idir an uimhir agus an t-ainmfhocal a bhfuil an uimhir ag tagairt dó: mar shampla, deirtear tiga ekor sapi ("trí eireaball bó") sa chiall "trí bhó", nó sepuluh orang tentara ("deich nduine saighdiúirí") sa chiall "deichniúr saighdiúirí". Is féidir an cleachtas seo a chur i gcomparáid leis an dóigh a n-úsáidtear cloigeann sa Ghaeilge uaireanta: "trí cloigne bó", "deich gcloigne saighdiúirí". San Indinéisis, áfach, caithfidh tú ekor ("eireaball") a chur idir an uimhir agus ainm an ainmhí, más ainmhithe atá tú a áireamh, agus orang ("duine") a úsáid, más daoine (saighdiúirí, cuir i gcás) atá agat, agus tá focail eile fós ann le cineálacha eile rudaí a chomhaireamh. Úsáid é seo, áfach, a chuireann na cainteoirí neamhdhúchais ar lár go minic sa ghnáthchaint. Tréith choitianta é, áfach, a fheictear ina lán teangacha sa chearn sin den domhan, pé acu atá siad gaolmhar leis an Indinéisis nó nach bhfuil.

Cé nach bhfuil aimsirí ná iarmhíreanna pearsanta ag an mbriathar san Indinéisis, ní féidir a rá nach mbeadh réimniú na mbriathar casta sa teanga. Go háirithe, úsáidtear a lán foirmeacha difriúla leis an bhfaí ghníomhach a aithint thar an bhfaí chéasta nó leis an ngníomh a bhreathnú i bhfócais éagsúla.

Is é gnáthordú na bhfocal san Indinéisis ná SVO - Ainmhí-Briathar-Cuspóir, cosúil leis an mBéarla agus lena lán teangacha Gearmáinice eile. Is féidir, áfach, scinneadh ón ordú seo le béim a chur ar fhocal ar leith. Ansin, cuirtear an focal faoi bhéim i dtús na habairte.


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]