Conghal Ceannmhaghair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaConghal Ceannmhaghair
Beathaisnéis
BreithÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás710 (Ghréagóra)

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
704 – 710
← Loingseach mac AonghasaFearghal mac Maoil Dúin → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Néill an Tuaiscirt Cuir in eagar ar Wikidata
Páisteiníon anaithnid (?) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFergus Fanat (?)

Ard-Rí na hÉireann ba ea Conghal Ceannmhaghair[1] (Sean-Ghaeilge Congal Cennmagair) (bás 710). Ba bhall é Conghal de Cineál Chonaill d'Uí Néill an Tuaiscirt. Bhí seanathair Chonghail, Domhnall mac Aodha (bás 642), ina Ard-Rí, cé nach raibh a athair, Fergus Fanát.[2]

Tháinig Conghal i gcomharbacht ar a chol ceathrar Loingseach mac Aonghasa, a d'éag i mbun chatha sa bhliain 703. Bhí Conghal i gcoróin mar Ard-Rí ón mbliain from 703 go 710.[3]

Dreamanna agus ríochtaí in Éirinn luathChríostaí.[4]

Ráthóir ba é Conghal de Cháin Adhamhnáin, comhaontaithe ag Sionad Bhiorra sa bhliain 697. Is é an dara ráthóir tuata ar an liosta tar éis Loingsigh, agus glaoitear rí Thír Chonaill dó, cé go bhféadfadh é gur cuireadh an teideal seo leis níos deireanaí.[5]

Le réimis Loingsigh agus Conghail bhí buaicphointe Chineál Chonaill, i ndiaidh sin urraithe ag a ngaol comhraic, Chineál Eoghain. Is amhlaidh go ndearna an bheirt acu iarrachtaí tailte na gConnacht a ghabháil, le torthaí éagsúla. D'éag Loingseach dá bharr, cé gur bhain Conghal cáil amach nuair a chloígh sé fíor na gConnacht sa bhliain 707 agus maraíodh a rí, Indreachtach mac Dúnchadha.[6] Ní raibh Conghal féin ann ach bhí Fearghal mac Loingsigh an ar an bhfód.

An bhliain chéanna, chuaigh Conghal féin ar feachtas sna Laighin.[7] Insítear i bhForas Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn gur dóigh sé cill Dara, ag tabhairt le tuiscint gurbh é sin cúis a bháis.[8]

D'éag Conghal féin go tobann sa bhliain 710. De réir ghluais i nAnnála Uladh, tharla sin de bharr taoma.[9] Mhair roinnt mac ina dhiaidh, duine ar bith dóibh i ndáiríre iomráiteach, ina measc: Flann Gohan (bás 732) agus Conaing (died 733), maraithe i mbun chogaidh idir Cineál Chonaill agus Cineál Eoghain; agus Donnghal (bás 731).[10] Tháinig tuaisceartach eile i gcomharbacht air mar Ard-Rí, Fearghal mac Maoil Dúin (bás 722) de Chineál Eoghain.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
  • "Oxford Dictionary of National Biography," (2004).
  • Meyer, Kuno (1905). "Cain Adamnain: An Old-Irish Treatise on the Law of Adamnan". Oxford. Clarendon Press. Dáta rochtana: 23ú Márta 2008.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. maghar, mion-iasc, ar teanglann.ie
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 4
  3. Tugtar réimeas sé bliana do i Sioncronachtaí Laud , ach 8 mbliana Leabhar Laighneach of Leinster agus Rawlinson Genealogies
  4. Féach Seán Duffy (eag.), Atlas of Irish History, ll. 18–19.
  5. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 539
  6. Annála Uladh, AU 707.2
  7. AU 707.7
  8. Seathrún Céitinn's Foras Feasa ar Éirinn, Leabhar II, lch. 143
  9. AU 710.3
  10. AU 732.10, 733.3