Jump to content

Conghalach mac Conaing

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Congalach mac Conaing)
Infotaula de personaConghalach mac Conaing
Beathaisnéis
Bás778 (Féilire Ghréagóra)
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteCearnach mac Conghalaigh, Flann mac Conghalaigh, Cumascach mac Conghalaigh, Cellach (?) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairConaing mac Amhalaí
SiblínDiarmaid mac Conaing

Rí Bhreá de chlann Uí Chonaing as Cnóbha, de rítheaghlach Síl nÁedo Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Conghalach mac Conaing (Sean-Ghaeilge Congalach mac Conaing) (bás 778). Conaing mac Amhalaí (bás 742), iar-rí, ba ea a athair.[1]

Feictear é mar chomharba ar a uncail, Dúnghal mac Amhalaí (bás 759) sa dán sa Leabhar Laighneach, Síl Aeda Sláne Na Sleg, ach amháin is amhlaidh do cheannaireacht Uí Chonaing, ar a glaodh ríthe na gCiannacht ag an am.[2] Luaitear Cairbre mac Fógartaigh (bás 771), den f chlann iomaíochta, Uí Chearnaigh as Loch Gabhair i ndeisceart Bhreá, sna hannála mar rí Bhreá.[3] Más fíor seo uile, bheadh Conghalach i réim i mBreá féin ón mbliain 771 go dtí 778.

Deirtear go ndeachaigh na Ciannachta in éineacht leis an Ardrí Donnchad Midi (bás 797) agus é ar feachtas in éadan na Laigean. Ar a dtoil féin, rinne siad ruathar ar chlann Uí Théig na Laigean agus chloígh iad i gCath Átha Cliath. Bádh a lán dóibh, ámh, sa lán trá ar a slí abhaile.[4]

Feictear Donnchadh agus Conghalach sna hannála agus iad ina naimhde, b'fhéidir de bharr na coimhlinte tar éis do Niall Frasach (bás 778) de Cenél nEógain a éirí as an ard-ríogacht.[5] Sa bhliain 777, chuaigh Donnchadh i gceannas slua na Laigin in éadan Bhreá.[6] An bhliain chéanna, rinne Donnchadh achrann in éadan na gCiannacht, le deargnaimhdeas mar thoradh.[7] Tháinig an cogadh seo chun críche le Cath Fhorchalaid sa bhliain 778, inar bhuaigh Donnchadh agus maraíodh Conghalach agus go leor eile, Dúnchadh mac Aléni, rí na Múrna, ina measc. Deirtear i nAnnála Uladh faoin eachtra seo:

Do chath Forcalait fo-roireth[8]
Domhnach dubach derach,
ba imda mathair boed bronach
in Luan iarnabharach
Do chath Fhorchalaid a tharla
Domhnach dubhach deorach
b'iomaí máthair bhaoth bhrónach
an Luan arna mhárach.

Bhí ceathrar mac aige: Flann (bás 812), Cernach (bás 818), Cummascach (bás 839), ríthe Bhreá uile; agus mac eile darbh ainm Ceallach.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
  2. Leabhar Laighneach, Flann Mainistrech: Síl Aeda Sláne Na Sleg
  3. Annála Uladh, AU 771.4
  4. AU 770.10
  5. Charles-Edwards, lch. 577
  6. AU 777.3
  7. AU 777.6
  8. fo-fera, cur faoi deara rud a dhéanamh, ar eDIL