Cearnach mac Conghalaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCearnach mac Conghalaigh
Beathaisnéis
Bás818
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairConghalach mac Conaing

Rí Bhreá de chlann Uí Chonaing as Cnóbha, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Cearnach mac Conghalaigh (Sean-Ghaeilge Cernach mac Congalaig) (bás 818). Congalach mac Conaing (bás 778) ba ea a athair, agus Flann mac Congalaig (na 812) a dheartháir, iar-ríthe beirt.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 812 go dtí 818.

Go luath san 8ú haois, bhíodh achrann is iomaíocht idir Uí Chonaing thuaidh agus Uí Chearnaigh theas. Chuir teacht bhagairt chomhchoiteann an Clann Cholmáin as Uisneach isteach ar an iomaíocht seo, ach i rith réimeas Chearnaigh Thuaidh sí arís. Insítear sna hannála gur tharla coimheascar sa bhliain 817 idir na Ciannachta agus fir dheisceart Bhreá, inar thit go leor na gCiannacht.[2]

Le linn na tréimhse seo, glaoití 'ríthe na gCiannacht' ar ríthe Uí Chonaing, tar éis dóibh an dream úd a smachtú go luath san 8ú haois. Ina thásc i nAnnála Uladh don bhliain 818, is suntasach é ámh go dtugtar do Chearnach an teideal rex Cnodhbai.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
  2. Annála Uladh, AU 817.4
  3. AU 818.3