Coimpléasc comhordanáidithe

Is éard a bhíonn i gcoimpléasc comhordanáidithe ná adamh nó ian lárnach, atá miotalach de ghnáth agus ar a dtugtar an t-ionad comhordanáidithe, agus sraith mórthimpeall air de mhóilíní nó iain faoi cheangal, ar a dtugtar lioganna nó oibreáin choimpléascúcháin. [1][2][3] Miotail thrasdultacha a bhíonn páirteach sna coimpléisc comhordanáidithe seo, den chuid is mó, ach tá siad forleathan. Mar shampla, cuimsíonn siad an t-ian réasúnta simplí sulfáit teatráimínchopair, [Cu(NH3)4]2+SO42-, ar salann lonrach gorm é, agus cómhdhúile bunúsacha coimpléascacha cosúil le haemaglóibin (le hiarann, Fe, ann) is clóraifill (le maignéisiam, Mg, inti). Is coimpléisc comhordanáidithe iad go leor comhdhúil mhiotail, go háirithe miotail thrasdultacha.[4]</ref>
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
- ↑ Introduction to Coordination Chemistry, ISBN: 9780470687123
- ↑ IUPAC, Compendium of Chemical Terminology, 2nd ed. (the "Gold Book") (1997).
- ↑ IUPAC, Compendium of Chemical Terminology, 2nd ed. (the "Gold Book") (1997)
- ↑ Greenwood, Norman N.; Earnshaw, Alan (1997). Chemistry of the Elements (2nd ed.). Butterworth-Heinemann. ISBN 978-0-08-037941-8.<ref name="FreamhanEolais">Hussey, Matt (2011). "Comhdhúile comhordaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 164.