Haemaglóibin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próitéin ina bhfuil an haem-mhóilín, ina bhfuil adamh iarainn lárnach, a iompraíonn ocsaigin sa bhfuil. Tá dhá roinn sa bhfuil agus an toirt chéanna iontu: na cealla bána is dearga (na heiritricítí), agus an fuilphlasma. Sna heiritricítí atá an haemaglóibin lonnaithe. I dtimthriall amháin d'imshruthú na fola, agus an fhuil ag rith trí na ribeadáin fola sna scamhóga, idirleathann an ocsaigin isteach inti ó na hailbheolais, agus tagann dath dearg ar an bhfuil athnuaite seo. Sa timthriall eile den imshruthú, nuair a ritheann an fhuil trí na ribeadáin fola i bhfíocháin eile na colainne, idirleathann an ocsaigin amach as an bhfuil is idirleathann dé-ocsaíd charbóin isteach inti, agus tagann dath gorm dorcha uirthi. Tá galair ghéiniteacha ann a chuireann isteach ar fheidhmiú na haemaglóibine. Buaileann anaemacht chorráncheallach daoine gorma amháin. Is amhlaidh a bhíonn cuid de na móilíní haemaglóibine máchaileach ó bhreith, ionas go n-athchumann na heiritricítí ina gcorráin. Calcann na cealla athchumtha seo fuileadáin bheaga, rud a choimeádann ocsaigin ó fhíocháin, á milleadh. Mar thoradh, is annamh a mhaireann an t-ainniseoir thar 20 bliain d'aois. Tá galar géiniteach eile cosúil léi a bhuaileann daoine ó imeall na Meánmhara, anaemacht Cooley. Sa ghalar seo, bíonn cuid den haemaglóibin máchaileach ar shlí go dtiteann na heiritricítí as a chéile, agus milleann sé seo fíocháin, ceal ocsaigine.