Ciarán Cuffe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ciarán Cuffe
Ciarán Cuffe Annual Green Convention 2018.jpg
Teachta Dála

Meitheamh 6, 2002 - Aibreán 26, 2007
Dúiche: Dún Laoghaire
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2002
Teachta Dála

Meitheamh 14, 2007 - Feabhra 1, 2011
Dúiche: Dún Laoghaire
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2007
Feisire de Pharlaimint na hEorpa

Iúil 2, 2019 -
Dúiche: Baile Átha Cliath (toghcheantar na hEorpa)
Toghchán: toghchán Pharlaimint na hEorpa 2019
Saol
Eolas breitheSeanchill, 3 Aibreán 1963 (59 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Oideachas
Alma materOllscoil Maine
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Gairm
Gairmpolaiteoir
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaComhaontas Glas
ciarancuffe.com
Instagramciarancuffe
Twitterciarancuffe

Is Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE nó MEP i mBéarla) é Ciarán Cuffe do thoghcheantar Bhaile Átha Cliath (a rugadh 3 Aibreán 1963). Tá sé ina chomhairleoir cathrach do Lár na Cathrach Thuaidh chomh maith. Ailtire é Cuffe atá gníomhach le fada i gcúrsaí comhshaoil agus sa ghluaiseacht ghlas.

2006

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

De bhunadh na Seanchille i ndeisceart an chontae é Ciarán Cuffe, ach tá cónaí air le scaitheamh i gceantar Bhóthar na gCloch i lár na cathrach.

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh a athair, Luan Peter Cuffe, go hOllscoil Harvard i mBoston mar chuid dá chuid oiliúna mar ailtire.[1] Agus é ansin casadh air Patricia Sistine Skakel. Iníon ab ea ise le George Skakel, fear gnó ab ea a shaothraigh na milliúin nuair a bhunaigh sé an comhlacht Great Lakes Carbon Corporation. Phós Patrica Skakel agus Luan Cuffe agus d’fhill siad ar Éirinn.

Ba dheirfiúr í Patricia Skakel a bhásaigh sa mbliain 2000 le Ethel Skakel Kennedy. Is í Ethel Kennedy baintreach Bobby Kennedy, a feallmharaíodh i mí Meitheamh 1968 agus é ag feachtasaíocht do thoghchán na huachtaránachta sna Stáit Aontaithe.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá céimeanna aige san Ailtireacht agus sa Phleanáil Uirbeach aige ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus MSc in "pleanáil uirbeach" ó Chathracha ó Scoil Eacnamaíochta Londan.

Tá sé ina chathaoirleach ar Chlár Máistreachta in Athnuachan agus Forbairt Uirbeach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Lógó Gaeilge an Chomhaontais Ghlais - 2008.png

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé ar dhuine de na Teachtaí Dála a toghadh do Chomhaontas Glas den chéad uair in 2002, i ndáilcheantar Dhún Laoghaire. Chuir sé isteach dhá théarma mar Theachta Dála agus bhí sé iina’Aire Stáit a raibh freagracht air as an Athrú Aeráide, Pleanáil agus Iompar Inbhuanaithe.

Le linn dó bheith páirteach sa Rialtas, rinne sé athchóiriú ar chóras pleanála na hÉireann chun go mbeadh sé dírithe ar chinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise agus d’fhoilsigh sé reachtaíocht le dul i ngleic leis an athrú aeráide.[2]

D’fhoilsigh sé Suirbhé ar Fhorbairt Náisiúnta Tithíochta in 2010.[3]

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’éirigh sé as mar urlabhraí comhshaoil an pháirtí sa bhliain 2003, nuair a tháinig sé chun solais go raibh luach $70,000 de scaireanna aige i gcomhlachtaí taiscéalaíochta ola. Fuair sé na scaireanna sin le huacht óna mháthair a d’fhág $1.3 milliún aige. Léirigh sé aiféala ag an am nach raibh éirithe leis na scaireanna a dhíol agus rinne sé amhlaidh ina dhiaidh sin.

Rinneadh scrios ar an bpáirtí san olltoghchán in 2011. Chaill Cuffe a shuíochán sa toghchán sin.

Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

250411 Street sign Temple Bar.JPG
DPD Street sign of Hendrick Lane, Dublin.jpg

Tá sé ina chathaoirleach ar Choiste Iompair Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá sé ag iarraidh go mbainfí úsáid as clófhoirne Gaelacha ar chomharthaíocht sráide na príomhchathrach.[4] Mhaígh sé gur beag difríocht atá ann idir Baile Átha Cliath agus cathracha Shasana ó thaobh comharthaíocht sráide de agus nach bhfuil rud ar bith faoi ainmchláir na príomhchathrach a thabharfadh le fios gur i gcroílár Bhaile Átha Cliath atá tú.

Little Green Street postal district street sign.jpg

Labhair sé sa Pharlaimint na hEorpa ar 26 Samhain 2019 agus dúirt sé "Ní foláir dúinn dul i ngleic leis an athrú aeráide".[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Máirín Ní Ghadhra. "An raibh a fhios agat gur col ceathracha Ciarán Cuffe agus Bobby Kennedy?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-18.
  2. "Ciarán Cuffe" (ga-IE). An Comhaontas Glas. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-05-12. Dáta rochtana: 2020-11-18.
  3. Gareth Thornton (2010-10-21). "Foilsíonn na hAirí Finneran agus Cuffe Suirbhé ar Fhorbairt Náisiúnta Tithíochta" (ga). Department of Housing, Local Government and Heritage. Dáta rochtana: 2020-11-19.
  4. "‘Fadhb dlí’ ar bith le moladh go gcuirfí clófhoireann Ghaelach ar chomharthaíocht sráide i mBaile Átha Cliath" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-19.
  5. "Díospóireachtaí - EU response to extreme meteorological events and their impacts: how to protect European urban areas and their cultural heritage (debate) - Dé Máirt, 26 Samhain 2019" (ga). www.europarl.europa.eu. Dáta rochtana: 2020-11-19.