Charles Blount, 8ú Barún Mhuinseo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCharles Blount, 8ú Barún Mhuinseo

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1563
Hooke Park, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Aibreán 1606
42/43 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFiabhras
Gobharnóir Portsmouth
1594 –
Ball de Pharlaimint 1593

Toghcheantar: Bere Alston
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana
Feisire de Pharlaimint 1586-87

Toghcheantar: Bere Alston
Ball de Pharlaimint 1584-85

Toghcheantar: St Ives
Fear Ionaid na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstátaire, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Eile
Teideal uasalIarla Devon (1640–)
Barún Mountjoy (1594–) Cuir in eagar ar Wikidata
CéilePenelope Rich (1605–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMountjoy Blount, Céad Iarla Newport, Scipio Blount, Elizabeth Blount, An Bhantiarna Penelope Blount, Charles Blount, Isabella Blount, St. John Blount Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJames Blount, 6ú Barún Mhuinseo  agus Catherine Leigh
Gradam a fuarthas

  Fear uasal agus saighdiúir Sasanach ab ea Charles Blount, 1ú Iarla Devonshire, KG (1563 – 3 Aibreán 1606) a d’fheidhmigh mar Fhear Ionaid na hÉireann faoin mBanríon Eilís I, agus ina dhiaidh sin mar Ionadaí an Rí in Éirinn (Béarla:English:Lieutenant General and General Governor of Ireland) faoin Rí Séamas I.

Armas mar Thiarna Mhuinseo, KG (tar éis 1597), eadhon : Barry nebuly d'Ór agus Sáible

Tháinig sé i gcomharbacht ar an teideal teaghlaigh mar an 8ú Barún Mhuinseo sa bhliain 1594, sula raibh sé i gceannas ar fhórsaí na Corónach le linn bhlianta deiridh Éirí Amach Thír Eoghain. Bhí sé in ann an bua a fháil ar Thír Eoghain ag Cath Chionn tSáile, agus ghabh sé a cheanncheathrú i nDún Geanainn sular comhaontaíodh an tsíocháin ag Conradh na Mainistreach Móire (Béarla: Treaty of Mellifont) sa bhliain 1603 .

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an dara mac le Séamas, 6ú Barún Mhuinseo agus Catherine, iníon amháin an Tiarna Thomas Leigh (Coimisinéir um Díscaoileadh na Mainistreacha), bhí Charles Blount i measc na ndaoine ab oirirce den teaghlach, ag teacht i gcomharbacht mar an 8ú Barún Mhuinseo ar bhás a dhearthár níos sine gan phósadh Uilliam, 7ú Barún Mhuinseo. Thaithin dea-ádh a óige agus a chuma dathúil leis an Bhanríona Eilís I, rud a mhúscail éad Robert Devereux, 2ú Iarla Essex, as a dtáinig troid i gcomhrac aonair idir an bheirt chúirteoir, a d’éirigh ina dhlúthchairde ina dhiaidh sin. [1]

Toghadh Charles Blount arís go dtí Teach na dTeachtaí mar Teachta Parlaiminte do St Ives, Corn na Breataine sa bhliain 1584 agus do Bere Alston i 1586 agus 1593,[2] sula ndeachaigh sé isteach i dTeach na dTiarnaí sa bhliain 1594 .

Idir 1586 agus 1598, chaith Charles an chuid is mó dá chuid ama ar an Mór-Roinn, ag fónamh san Ísiltír agus sa Bhriotáin. Chuaigh sé i bpáirt leis an Tiarna Essex agus Sir Walter Raleigh ar a dturas go dtí na hAsóir i 1597, in éineacht lena chol ceathrair i bhfad amach, Sir Christopher Blount. (Phós an Ridire Christopher máthair Essex, Lettice Knollys, baintreach an Iarla Leicester, agus cuireadh chun báis ina dhiaidh sin é mar gheall go raibh baint aige le tréas Essex .) [1]

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  •  

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Chisholm 1911.
  2. http://www.historyofparliamentonline.org/volume/1558-1603/member/blount-charles-1563-1606.BLOUNT[nasc briste go buan], Charles (1563-1606), of Canford Magna, Dorset and Wanstead, Essex.