Jump to content

Cearta daonna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cearta an duine)
 An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine

Tá a lán daoine ann a chreideann go bhfuil cearta ag daoine de thairbhe gur daoine iad; ní ainmhithe ná rudaí iad ach daoine ar féidir leo smaoineamh agus mothú[1].

Dínit agus cearta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go bunúsach, is cóir caitheamh le gach duine ar domhan le dínit.[2] Tá dínit ag duine nuair a dhéantar freastal ar a riachtanais bhunúsacha. Is iad riachtanais bhunúsacha an duine ná uisce, bia, foscadh, sábháilteacht, cúram leighis agus oideachas. Mura ndéantar freastal ar riachtanais bhunúsacha seo an duine, saol crua atá i ndán dóibh.

New Orleans

Ar leibhéal eile, tá iarrachtaí déanta ag a lán sochaithe chun cearta a thabhairt do gach duine. Uaireanta tá na cearta seo a dhearbhú mar chairt (liosta scríofa). Mar gheall ar na rudaí uafásacha a tharla le linn an Dara Cogadh Domhanda, shocraigh a lán tíortha go mbeadh liosta nua de chearta an duine ann chun daoine a chosaint.

Mar shampla, i 1948 d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine. Shínigh a lán tíortha an dearbhú seo, a rá go ndéanfaidís a ndícheall chun na cearta seo a chosaint. Sa atá inniu ann tá an dearbhú sínithe ag an chuid is mó de thíortha an domhain.

Tugtar cearta an duine orthu seo. Mar shampla

  • an ceart bheith saor (an ceart chun saoirse);
  • an ceart le comhionannas, is cuma faoi chine, faoi ghnéas, faoi chreideamh ná faoi aois;
  • an ceart le bheith beo (nach cead do dhuine nórialtas tú a mharú);
  • an ceart le triail chothrom phoiblí (nach gcuirtear i bpríosún thú gan chúis mhaith)
  • de cheart ag gach duine scíth agus caitheamh aimsire a fháil, pósadh, náisiúntacht a bheith acu. a bheith i dteideal maoin. a bheith páirteach sa rialtas, tearmann a fháil i dtír eile chun éalú ó ghéarleanúint, a dtuairim a nochtadh....

srl.

Wat Klang Wiang, Chiang Rai

Tá clásal “neamh-leithcheala” ag príomh-ionstraimí idirnáisiúnta uile na gceart daonna[3] (amhail Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus Coinbhinisiún na hEorpa um Chearta Daonna - agus amhail an tAcht um Chearta Daonna). Tagraíonn na clásail seo do na grúpaí ar féidir leo úsáid a bhaint as na cearta mar atá siad in ionstraimí na gceart daonna gan leithcheal

Dearadh ionstraimí áirithe sa dóigh go gcosnóidh siad grúpaí mionlaigh nó grúpaí a bhfuil cosaint ar leith de dhíth orthu mar shampla

• Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Dhíothú Leithcheala ar Mhná (CEDAW)

• Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Dhíothú Leithcheala Chiníoch (CERD)

• Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Pháiste (UNCRC)

Aithnítear go hidirnáisiúnta, mar sin, go gcaithfear grúpaí áirithe a chosaint ar leithcheal agus go gcaithfear comhionannas deiseanna a chothú.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]


Is féidir a rá go dtéann coincheap na gceart daonna féin siar go laethanta Réabhlóid na Fraince, ar a laghad. Tar éis an méid daoine a fuair bás i rith an dara Cogadh Domhanda, bunaíodh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe. Ba é an Dara Cogadh Domhanda a thug an spreagadh don Dearbhú nua, an Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.

Measann go leor fealsúna agus staraithe nach féidir labhairt ar chearta an duine sna seanlaethanta san Iarthar. Sa stair ársa, níor fhág noirm an phobail, a cumadh i ndáil le hord an chosmais, níor fhág siad spás ar bith don duine mar indibhid uatha, measadh an dlí go príomha mar ord oibiachtúil na sochaí. Bhí an t-ordlathas sóisialta bunaithe ar an teaghlach, an uaisleacht nó na corparáidí gairmiúla nó saothair, a thugann le tuiscint nár cumadh aon chearta daonna mar sin, cumhachtaí chun rud a lorg no a éileamh. A mhalairt ar fad, an chumhacht go léir a thugtar don duine aonair a dhíorthaítear ó stádas dúbailte: stádas an duine laistigh den teaghlach agus stádas an teaghlaigh sin sa tsochaí. Lasmuigh den Stádas ní raibh aon chearta ann.

  1. cf. St Marys-Belfast.ac.uk
  2. "Dinit an duine/ Cearta | COGG" (ga-GA). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-13. Dáta rochtana: 2020-04-21.
  3. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-01-01. Dáta rochtana: 2018-03-01.