Caoilfhionn Nic Pháidín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCaoilfhionn Nic Pháidín
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Gúm
Acadamh Ríoga na hÉireann
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Comhar
The Irish Times Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Is údar agus scoláire í an Dr. Caoilfhionn Nic Pháidín a d'oibrigh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in Éirinn. Bhí sí ina ball de Choimisiún na Gaeltachta idir 2000 agus 2002.

Tá M.A. agus Ph.D bainte amach aici ó UCD. D'oibrigh sí mar eagarthóir agus taighdeoir sa Ghúm, i gComhar, sa Roinn Oideachais, san Irish Times agus in Acadamh Ríoga na hÉireann. Bhí sí ina stiúrthóir in Fiontar & Scoil na Gaeilge in DCU idir 1996 agus 2006 agus mar léachthóir sinsearach ann go dtí 2015. Ón mbliain 1985 is í comhairleoir na Gaeilge don Oxford English Dictionary í. Is iad na hábhair thaighde atá aici ná forbairt na Gaeltachta in Éirinn, forbairt chomhaimseartha na Gaeilge agus na meán cló san fhichiú haois. Is eagarthóir í den tsraith mhonagraf Lúb ar Phár.

Sa bhliain 1995 bhunaigh sí Cois Life, comhlacht foilsitheoireachta Gaeilge a phléann le saothair acadúla agus litríochta, i gcomhar le Seán Ó Cearnaigh. Is í comhstiúrthóir an chomhlachta í faoi láthair. Faigheann Cois Life cúnamh ón gComhairle Ealaíon, agus ó Chlár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Caoilfhionn Nic Pháidín (2004) "Lessons from Gaelic-Medium Higher Education in Scotland". In Caoilfhionn Nic Pháidín agus Donla uí Bhraonáin. Ollscolaíocht Ghaeilge: Dúshláin agus Léargais - Páipéir Chomhdhála / University Education in Irish: Challenges and Perspectives, Fiontar, Dublin City University, 2004. lgh 43–51.
  • Caoilfhionn Nic Pháidín (2004). Foclóir Fiontar/Dictionary of Terminology. Gaeilge-Béarla/English-Irish. Fiontar, DCU. ISBN 1-872327-42-7.
  • Caoilfhionn Nic Pháidín (1999). Dinnseanchas na mBlascaodaí. Cois Life. ISBN 1-901176-13-4.
  • Caoilfhionn Nic Pháidín (1998). Fáinne an Lae agus an Athbheochan (1898–1900). Cois Life. ISBN 1-901176-09-6.
  • Caoilfhionn Nic Pháidín (1996). Cnuasach Focal ó Uíbh Rathach. Royal Irish Academy. ISBN 0-901714-57-7.
  • Caoilfhionn Nic Pháidín (eag.) (1992). An Chaint sa tSráidbhaile. Comhar. ISBN 0-9518056-0-6.

Mar eagarthóir:

  • Caoilfhionn Nic Pháidín (eag.) (2016) Séanna. Cois Life. ISBN 978-1-907494-64-2.
  • Caoilfhionn Nic Pháidín, Seán Ó Cearnaigh (eag.) (2008) A New View of the Irish Language. Cois Life. ISBN 978-1-901176-82-7.
  • Caoilfhionn Nic Phaidín (eag.) (1996) Séanna. Cois Life. ISBN 9781901176056.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]