Cairbre Crom

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCairbre Crom
Teaghlach
PáisteCormac (?) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFeradhach mac Lughadha

Aonú rí déag Uí Mhaine ba ea Cairbre Crom (beo c. 556).

De shliocht é Cairbre de Mháine Mór, bunaitheoir Uí Mhaine i lár na 4ú haoise. Meastar gurbh é an rí leathstairiúil deireanach i ríocht Uí Maine, agus é beo sa dara ceathrú den 6ú haois.

Fearadhach mac Lughaidheach ba ea athair Chairbre, agus Cairpri Mac Feithine agus Nadsluaigh a dheartháireacha. Tugtar a ginealach mar a leanas:[1]

... Cairpri Cruim, mic Fearadaig, mic Lugaid, mic Dallain, mic Bresail, mic Maine Moir.

Is sinsear é Cairbre a bheag nó a mhór de gach ceannaire Uí Mhaine agus Síol Anmchadha, óna ré féin go dtí bunú Ríocht na hÉireann, .i. tréimhse míle bliain. Insítear i Leabhar Uí Mhaine:[2]

Cairpri Crom en mac lais, .i. Cormac. Da mac la Cormac, .i. Eogan Finn, ocus Eogan Buac. Eogan Finn, dia ta tuaiscert O Maine, ocus Eogan Buacc, a quo deiscert O Maine.

Bhunaigh Anmchadh mac Eoghain Bhuaic (bás c. 757), ríocht Síol Anmchadha, luaite thuas mar deiscert O Maine. I measc clann de mhuintir Anmchadha, tá Mhic Uallacháin agus Uí Madadháin.

Sinsear Thadhg Mór Ó Ceallaigh (bás 1014) ba ea Eoghan Finn. Sinsear Chlann Uí Cheallaigh ba ea Tadhg, luaite thuas mar tuaiscert O Maine.

Bhí an t-ainm céanna ag an mbeirt Eoghan, b'fhéidir toisc go raibh máithreacha éagsúla acu.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath (1971;2003) Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Gerard Madden, History of the O'Maddens of Hy-Many, 2004. ISBN 0-9529511-7-7.
  • Joseph Mannion, The Life, Legends and Legacy of Saint Kerrill: A Fifth-Century East Galway Evangelist, 2004. ISBN 0-9547698-1-3
  • Denis Walsh, Uí Mhaine
  • Dan P. McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Leabhar Uí Mhaine, Genealach h-Ui Ceallaig and so, lch. 44
  2. Leabhar Uí Mhaine, Genealach h-Ua Maine and so, Cland Cairpri Cruim, ll. 27-28


Réamhtheachtaí
Marcán
Rí Uí Mhaine
556–?
Comharba
Brenainn mac Cairbre