Cainteanna um Theorannú Arm Straitéiseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCainteanna um Theorannú Arm Straitéiseach
Íomhá
Cineálconradh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana18 Meitheamh 1979 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhVín, An Ostair Cuir in eagar ar Wikidata
Sínitheoir
Le cuid


Gerald Ford agus Leonid Brezhnev sa bhliain 1974

Comhdhálacha idir na Stáit Aontaithe is an tAontas Sóivéadach, den chuid is mó, sna 1970idí chun teorainn a chur leis na hairm núicléacha idirchríochacha a bhí á dtógáil is á n-insealbhú ag an dá thaobh sa chogadh fuar bagrach a bhí sna Cainteanna um Theorannú Arm Straitéiseach (Béarla: Strategic Arms Limitation TalksSALT ). Thosaigh an tsraith i Heilsincí i 1969, agus rinneadh an chéad socrú (SALT 1) i 1974. Ina dhiaidh sin tháinig moill ar dhul chun cinn, agus bíodh go raibh an dara socrú déanta ag na teagmhálaithe i 1979 (SALT 2), níor ghlac Seanad na Stát Aontaithe leis. Mar sin féin, chloígh an dá thaobh leis na teorainneacha ar ghlacadar leo i 1974. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh fuar le titim Bhalla Bheirlin is na réimeas cumannach timpeall 1990, thosaigh na Stáit Aontaithe is an Rúis ar chainteanna chun a n-airm núicléacha a laghdú (START).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cainteanna um Theorannú Arm Straitéiseach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 106.