Cainteanna ar Laghdú Arm Straitéiseach
Appearance
Comhdhálacha idir na Stáit Aontaithe is an tAontas Sóivéadach i 1982-1983, a cuireadh ar athló gan aon chomhaontú, agus a leanadh ag deireadh na 1980idí go dtí an chéad chonradh a síníodh i 1991, START 1 (a sheasann don Bhéarla: Strategic Arms Reduction Treaty). Laghdú i ráta táirgthe na n-arm núicléach a bhí sa chonradh seo. Faoi 1992 bhí START 2 sínithe, laghdú de dhá thrian ar stórais diúracán fadraonach ilbhuamaí núicléacha ar an dá thaobh. Dhaingnigh na Stáit Aontaithe an conradh seo i 1996, is an Rúis i 2000. Ina dhiaidh sin thosaigh comhdhálacha i dtreo START 3, agus aontaíodh an chuid seo den phróiseas i 2010.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cainteanna ar Laghdú Arm Straitéiseach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 106.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |