CLG Naomh Bríd, Béal Feirste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCLG Naomh Bríd, Béal Feirste
Sonraí
Cineálclub spóirt Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1998
Gníomhaíocht
Spórtiomáint
peil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinstbrigidsgac.com Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Is club Cumann Lúthchleas Gael é CLG Naomh Bríd, a bunaíodh sa bhliain 1998, agus atá lonnaithe i mBéal Feirste, Contae Aontroma. Faoi 2022 ba é an cumann ar an 5ú club CLG ba mhó i gCúige Uladh[1].

Imrítear iománaíocht, camógaíocht, peil na bhfear agus peil na mban sa chlub, chomh maith le réimse leathan imeachtaí chultúrtha.

Bunú an chumainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Dermot Dowling agus Conor MacSherry ag cur suime i gcumann CLG a bhunú i gceantar Mhaigh Lón/an Sruthán Milis i 1998. D’fhoilsíodh fógra i nuachtlitir an pharóiste Naomh Bríd le poiblíocht a thabhairt do chruinniú a bhí eagraithe don 7ú Nollaig i mBunscoil Naomh Bríd le cumann a bhunú. D’fhreastail 23 duine ar an chruinniú sin, agus cuireadh an cumann ar bun[2].

Reáchtáladh comórtas i scoileanna sa pharóiste le suaitheantas agus feisteas an chlub a dhearadh. Roghnaigh na moltóirí feisteas gorm agus ór, agus suaitheantas ina bhfuil comharthaí áitiúla - Crann Mór, an Sruthán Milis (Abhainn an Lagáin), agus Crosóg Bhríde, chun tosaigh[3].

Ba as ceantair thuaithe fud fad Cúige Uladh mórchuid de bhunaitheoirí an chumainn, agus mar gheall air seo, cuireadh síos ar Naomh Bríd san am seo mar “club cathrach le croí tuaithe.”[4]

Aiseanna Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag tús ré an chumainn, baineadh úsáid as páirceanna éagsúla, “The Dub”, Loch Cuan agus an YMCA sa Shruthán Milis ina measc, mar ionaid traenála agus imeartha. D’aimsíodh Páirc Shane, iar-pháirc de chuid Cumann Rugbaí Instonians, i 1999 agus thug seo ardú meanman i measc ballraíocht an chumainn go raibh baile buan faighte acu, ach rinneadh scrios air seo nuair a dhíol úinéirí an talaimh an pháirc fá choinne athfhorbairt.[2]

Fuair CLG Naomh Bríd aiseanna bhuain i 2008, nuair a bhog an cumann go Páirc Musgrave, ar Lána Stockman. D’oscail Uachtarán CLG Nicky Brennan an pháirc go hoifigiúil i ndiaidh cluiche idir fhoireann “Sárimreoirí” agus foireann déanta as laochra Naomh Bríd.[5]

Imeachtaí Chultúrtha[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir treoirleabhar oifigiúil an CLG ba chóir go mbeadh an Ghaeilge agus an cultúr Ghaelach lárnach sa chumann[6], agus mar sin tá fochoiste Cultúr agus Teanga ghníomhach ag CLG Naomh Bríd.

Eagraítear ranganna Ghaeilge do dhaoine fásta sa phobal, agus i mbunscoileanna áitiúla.[7] Óstálann an cumann “Meascán Bliantúil” i dTeach Mhaigh Lón mar cheiliúradh ar Lá Fhéile Bríde. Bíonn ceol, filíocht, damhsa, ealaín, scéalaíocht agus eile ar chlár an Mheascáin.[8] Glacann foirne ón chumann páirt i gcomórtais Scór Sinsir agus Scór na nÓg go bliantúil.

Corn John Cahill[cuir in eagar | athraigh foinse]

In ómós do John Cahill, fear a bhí lárnach i stair an chumainn agus atá ar shlí na fírinne, eagraítear Corn John Cahill go bliantúil ar an 27ú Nollaig. Mar chuid den ócáid charthanachta seo, glacann foirne déanta as ballraíocht an chlub páirt i gcomórtas peile.[9]

Rolla Onóra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Peil na bhFear[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2004 – Craobh Sóisearach Co. Aontroma
  • 2005 – Buaiteoirí Sraith 3
  • 2006 – Craobh Idirmheánach Co. Aontroma
  • 2006 – Buaiteoirí Sraith 3
  • 2007 – Buaiteoirí Sraith 2

Peil na mBan[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2012 – Craobh Idirmheánach Co. Aontroma
  • 2009 – Craobh Idirmheánach Co. Aontroma

Iománaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2022 - Craobh Sóisearach B. Co. Aontroma

Foinsi[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Games changing: Beyond the playing field in GAA" (en). The Irish News (2022-03-07). Dáta rochtana: 2024-05-21.
  2. 2.0 2.1 CLG Naomh Bríd (2018). "An fichiú bliain ag dul chun cinn". 
  3. "The St Brigid's story so far ahead of county semi-final date with Cargin" (en). The Irish News (2023-09-22). Dáta rochtana: 2024-05-21.
  4. "History" (en). St. Brigids GAC. Dáta rochtana: 2024-05-21.
  5. ccahill (2018-10-22). "A History Of St Brigid's GAC: Musgrave Park Opens For Business!" (en). St. Brigids GAC. Dáta rochtana: 2024-05-21.
  6. Gaa.ie (2023-10-02). "GAA Official Guides & GAA Codes" (en). www.gaa.ie. Dáta rochtana: 2024-05-21.
  7. olennon (2020-09-30). "Irish Language Classes" (en). St. Brigids GAC. Dáta rochtana: 2024-05-21.
  8. "St Brigid's Miscellany - St Brigid's Parish Belfast". stbrigidsparishbelfast.org. Dáta rochtana: 2024-05-21.
  9. thesaffrongael (2018-12-31). "A great day’s craic at St Brigid’s John Cahill Cup day" (en-US). The Saffron Gael. Dáta rochtana: 2024-05-21.