Cóiméad Hale-Bopp

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochCóiméad Hale-Bopp
Cineálcóiméad
FionnachtaíAlan Hale
Thomas Bopp Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana23 Iúil 1995
Réad tuismitheoraAn Ghrian
Sonraí fithiseach
 Féach ar an staid reatha
Apaipsis370.8 AU Cuir in eagar ar Wikidata
Pearaipsis0.914 AU
(arg (ω): 130.591) Cuir in eagar ar Wikidata
Ais mhór a186 AU
Éalárnacht e0.995086
Claonadh i89.4 °
Fad an nóid éirithigh Ω282.47 °
Dátaí pearaipsise1 Aibreán 1997
Catalóga réalteolaíochta
Aitheantóir JPL1000132 Cuir in eagar ar Wikidata

An cóiméad ba mhó ghile le 400 bliain, agus a núicléas 40 km ar trastomhas. Ní fhacthas an cóiméad seo ó 2,600 bliain RC, timpeall an ama a bhí na pirimidí á dtógáil san Éigipt. Ach ó Mhárta-Aibreán 1997 bhí sé soiléir geal sa spéir ó thuaidh. Bhí sé ag a íosfhad ón Domhan, 200 milliún km, ar 22 Márta. Ainmníodh é as beirt Mheiriceánach, Alan Hale is Thomas Bopp, a d'fhionn é i 1995. Ina dhiaidh sin ionannaíodh é le híomhá a thóg teileascóp Schmidt i Siding Springs na hAstráile i 1993. Ní fhillfidh sé don chuid seo den Ghrianchóras go ceann 2,400 bliain eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cóiméad Hale-Bopp". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 339.