Teileascóp Schmidt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionstraim réalteolaíochta a cheap Bernhardt Schmidt (1879-1935) i 1930. Bíonn pláta ceartúcháin sa chonair optúil chun íomhánna gan díchumadh thar réimse leathan a tháirgeadh. Baintear feidhm as chun suirbhéireacht fhótagrafach a dhéanamh ar an spéir.