Cócaireacht na hIndia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sicín Tandoori, rís, tarsainn srl. Béile ó thuaisceart na hIndia.

cócaireacht na hIndia ar mhórthraidisiúin chócaireachta an domhain. Tá éagsúlacht mhór réigiúnda inti, agus an chócaireacht i ngach áit sa tír úd faoi thionchar na spíosraí, luibheanna, dtorthaí agus nglasraí atá le fáil ann. Fágann creidimh na hIndia agus a stair a lorg ar an gcócaireacht freisin.

Tá an veigeatóireachas an-choitianta san India mar thoradh ar an Hiondúchas (an creideamh is fairsinge sa tír) agus creidimh eile. Idir an Hiondúchas agus an tIoslam, tá cosc ar a lán daoine mairteoil, muiceoil, éin chreiche srl. a ithe.[1] Tháinig cócaireacht na hIndia faoi thionchar na Peirse agus na hEorpa chomh maith.

Scaipeadh cócaireacht na hIndia ar fud an domhain de réir mar a chuaigh na hIndiaigh ar imirce, go mór mhór go tíortha an Aigéin Indiaigh, na hEorpa, Mheiriceá Thuaidh agus Mhuir Chairib, áiteanna ina bhfuair na himircigh Indiacha comhábhair nua le cur lena dtraidisiúin chócaireachta. Bhí an India faoi smacht na mBriotanach ar feadh i bhfad agus mar sin d'fhág an chócaireacht Indiach a rian ar thíortha eile a bhí faoi smacht na Breataine Móire: curaí in Éirinn mar shampla.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]