Curaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Curaí

Mias spíosraithe éisc, feola, éanlaithe nó glasraí, a thosaigh san oirthear. I measc na spíosraí a úsáidtear i gcuraithe tá lus an choire, cuimín, cillí, cainéal, cardaman, clóibh, feanagréagach, sinséar is tuirmiric. Meastar go bhfeidhmíonn na spíosraí seo mar leasaithigh bia i dtíortha teo. Comhábhair choitianta eile is ea gairleog, iógart, agus lacht cnó cócó.