Cnó cócó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCnó cócó
Cocos nucifera Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo decnó cócó, coconut water (en) Aistrigh, coconut timber (en) Aistrigh, coconut sugar (en) Aistrigh, coighir, ola chnó cócó, coconut shell (en) Aistrigh, Copra agus coconut leaf (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhdrúp Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdArecales
FineArecaceae
TreibhCocoseae
GéineasCocos
SpeiceasCocos nucifera Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cnó cócó
Trunk cnó cócó

Crann pailme le stoc cuartha go sainiúil a fhásann 30 m ar airde le duilleoga clúmhacha suas le 6 m ar fhad is ea an cnó cócó nó an pailm cnó cócó (Cocos nucifera).[1] Crotal snáithíneach seachtrach ar an toradh mór (an cnó cócó) is síol amháin ann, agus blaosc chrua inmheánach ag imchlúdach ciseal bia bháin is cuais lárnaigh lán de shreabhán bainniúil. Ag bun an toraidh bíonn 3 mharc cruinn a fhreagraíonn do 3 sheomra an ubhagáin, a bhfuil an suth faoi cheann acu. Is dócha go bhfuil an crann seo dúchasach don Pholainéis. Fásann sé go maith gar don fharraige. Is féidir leis an toradh buacach snámh thar fhaid mhóra sa sáile gan damaíste, agus mar sin is crann sainiúil d'oileáin aigéanacha é. Saothraítear le fada ar fud na dtrópaicí é. Cosúil le pailmeacha eile, táirgeann sé raon suntasach táirgí. Soláthraíonn an stoc adhmad. Fítear na duilleoga ina mataí is a gciseáin, agus úsáidtear iad i ndéanamh díonta. Bíonn na duilleghais láidir a ndóthain chun fálta páirce a dhéanamh. Itear an bhachlóg ag barr an ghais mar ghlasra. Is féidir an bláthra óg a bhearnú chun leacht siúcrúil a fháil ar féidir a choipeadh is a dhriogadh i ndeochanna alcólacha is fínéagar. Tá na cnónna cócó bunúsach do gheilleagair chuid mhaith oileán trópaiceach. Is annamh a fheictear na cnónna ina bhfoirm nádúrtha taobh amuigh de na réigiúin ina bhfásann siad, de bhrí go mbaintear an bhlaosc sheachtrach díobh roimh easpórtáil na gcnónna chun an choighir a fháil, snáithín láidir a úsáidtear chun mataí a dhéanamh. Is deoch fionnuaraithe bainne an chnó chócó, itear an bia bán amh nó cócaráilte, díoltar an bia triomaithe i bhfoirm copra, an phríomhfhoinse saille plandúla ar Domhan. Úsáidtear an ola a fhaightear ó chopra comhbhrúite le margairín a dhéanamh, agus is bia luachmhar ainmhithe an cáca iarmharach.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Cocos nucifera” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-28.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cnó cócó". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 151.