Buntús Cainte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióBuntús Cainte
Séanrateilifís don pháistí agus oideachas
TírÉire
Teangaan Ghaeilge agus Béarla
Fad na n-eipeasóidí5 min
An chéad eipeasóid25 Meán Fómhair 1967
An eipeasóid dheireanach1969

Sraith teilifíse, sraith leabhar agus sraith ceirnín is ea Buntús Cainte (Béarla: Rudiments of Speech) a cuireadh amach sna 1960idí i bPoblacht na hÉireann le cabhair a thabhairt do dhaoine Gaeilge labhartha a fhoghlaim.[1][2] Deirtear go bhfuil Buntús Cainte ar an gcúrsa Gaeilge is mó cáil riamh agus éileamh leanúnach ar an tsraith leabhar i gcónaí.[3]

An tsraith theilifíse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é sagart Proinsiasach, Colmán Ó hUallacháin, a rinne na pleannana don tsraith theilifíse.[1] Bhí an tsraith dírithe go speisialta ar dhaoine gan Ghaeilge agus ar dhaoine le cúpla focal.[4]

Craoladh an chéad clár ar RTÉ ar an 25ú Meán Fómhair 1967, agus craoladh clár nua go laethúil as sin amach, ó 1967 go 1969.[1][2] Mar aon le sin, craoladh clár achoimre gach Domhnach freisin.[5]

Labhair na láithreoirí Béarla agus Gaeilge don lucht féachana.[2] Múineadh frásaí simplí trí pictiúirí ghrinn le fotheidil Ghaeilge a thaispeáint, agus bíodh comhrá i nGaeilge ag na láithreoirí ag deireadh gach cláir.[1] Bhí gach clár 5 nóiméad ar fhad.

Láithreoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An tsraith leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

WD Bosca Sonraí LeabharBuntús Cainte
Cineálsraith theilifíse agus sraith leabhar Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarTomás Ó Domhnalláin
Teangaan Ghaeilge agus Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
MaisitheoirWilliam Bolger
FoilseachánÉire,
25 Meán Fómhair 1967 - 1969
FoilsitheoirAn Gúm, Foras na Gaeilge
Tréith
Seánrateilifís don pháistí agus oideachas Cuir in eagar ar Wikidata

D'fhoilsigh an Roinn Oideachais ábhair na gceachtanna i leabhar chun breis tacaíochta a thabhairt do lucht féachana na sraithe teilifíse. Chuir Gael Linn taifead agus téipeanna fuaime ar fáil freisin.[1]

Bhí an-éileamh ar an gcéad leabhar, agus faoi mhí na Samhna 1967, bhí 218,000 cóip díolta.[6] San iomlán, foilsíodh trí leabhair le ceachtanna ón gclár (an chéad agus an dara leabhar i 1967, agus an tríú leabhar i 1968). Tugtar an t-ainm Buntús Cainte ar an tsraith leabhar seo freisin.[3]

Ba é Tomás Ó Domhnalláin a scríobh agus a rinne na pleananna do na trí leabhair, agus ba é William Bolger a mhaisigh iad le pictiúir.[3]

Tá athchló déanta ar na leabhair uilig ar a laghad seacht n-uaire go dtí seo.[3] Ar dtús, ba le Rialtais na hÉireann an cóipcheart, ach anois is le Foras na Gaeilge é.[3]

Tá na trí leabhair ar fáil fós agus dlúthdhioscaí fuaime ar fáil leo anois freisin.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 "New Irish language programme: 1967 (RTÉ archives)".
  2. 2.0 2.1 2.2 "Learning to use everyday Irish: 1967 (RTÉ archives)".
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 Buntús Cainte (le Tomás Ó Domhnalláin agus William Bolger), An Gúm, Foras na Gaeilge, Baile Átha Cliath 1, Éire
  4. "Buntús Cainte – Learning the Irish language: 1967 (Scoilnet)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-26. Dáta rochtana: 2020-07-12.
  5. "Anonn over to: 1968 (RTÉ archives)".
  6. "Díospóireachtaí Parlaiminte, Dáil Éireann, Volume 230, 8th November 1967". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-06-07. Dáta rochtana: 2020-07-12.