Bob Marley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bob Marley ag seinm ar 30 Bealtaine, 1980.

Ba cheoltóir reggae as Iamáice é Bob Marley (6 Feabhra, 1945 - 11 Bealtaine, 1981). Amhránaí, cumadóir, giotáraí agus gníomhaí polaitíochta a bhí ann.

Ceol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Thosaigh Marley ag ceol i 1963 leis an ngrúpa ceol The Wailers agus bhain sé stíl shainiúil cumadóireachta agus gutha amach. Scaoil The Wailers roinnt de na céad ceirníní reggae leis an léiritheoir Lee "Scratch" Perry.

Grona Lund, 1977

Scoir The Wailers i 1974 agus chuaigh Marley chun cónaithe i Sasana, áit a thosaigh sé ag ceol ina aonar. Scaoil sé albam Exodus i 1977. D'éirigh go maith leis an albam ar fud an domhain.

D'fhan Exodus ar na cairteacha ar feadh 56 seachtain as a chéile. Scaoil sé ceithre singil as an albam,

  • "Exodus",
  • "Waiting in Vain",
  • "Jamming", agus
  • "One Love".

I 1978 scaoil sé an albam Kaya, agus bhí na singil "Is This Love" agus "Satisfy My Mind" ar an albam.

Bob-marley5.jpg

Saol pearsanta[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Robert (Bob) Nesta Marley ar fheirm a sheanathair (ar thaobh a mháthar) i Nina Mile, Saint Ann Parish, Iamáice. Bhí a a thuistí ina gcónaí ann, Norval Marley (1885-1955, mairnéalach ó Sussex i Sasana; fuair sé bás tobann de bharr taom croí) agus an t-amhránaí Cedella Booker (1926-2008),

Ar an 3 Nollaig 1976, rinneadh iarracht Marley a fheallmharú ina theach féin. Bhí Marley gortaithe. Thacaigh sé rialtas Iamáice agus a phríomh-aire Manley. Cúrsaí polaitíochta, go príomha, ba bhun leis an ionsaí is cosúil, i gcomhthéacs na géarchéime polaitiúla ag an am.

Bob Marley & the Wailers

Diagnóisíodh go raibh meileanóma urchóideach aige i 1977.

Ba Rastafárach díograiseach é agus chuir sé spioradáltacht ina cheol go minic. Ag an am céanna, ní raibh Marley sásta leanúint leis an gcóir leighis, ar chúiseanna creidimh go háirithe.

Fuair Marley bás ar an 11 Bealtaine 1981 i Miami agus é 36 bliain d'aois.

Dioscliosta[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Judge Not
  • Simmer Down
  • Catch a Fire
  • African Herbsman
  • Burnin'
    "Legend" Bob Marley, 1984, Island Records
  • Natty Dread
  • Live!
  • Rastaman Vibration
  • Exodus
  • Kaya
  • Survival
  • Uprising
  • Chances Are
  • Confrontation
  • Legend

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]