Marcus Garvey
Ba náisiúnaí gorm é Marcus Garvey, a rugadh timpeall 17 Lúnasa 1887 i Saint Ann's Bay, Iamáice agus a fuair bás ar an 10 Meitheamh 1940 in Kensington Thiar, i Londain Shasana. Bhí sé gníomhach in Iamáice agus sna Stáit Aontaithe ag cur an scarúnachas gorm chun cinn agus thacaigh sé leis an bPan-Afracachas.[1]
Bhunaigh sé cumann darbh ainm Universal Negro Improvement Association and African Communities League (UNIA-ACL).[1][2]
Chuir sé an Black Star Line ar bun i gcomhair loingis agus paisinéirí, gnólacht a dearbhaíodh bancbhriste sa deireadh. Ciontaíodh Garvey é féin i gcalaois phoist, rud a bhain le díol na scaireanna sa Black Star Line.[3]
Cháin a lán ceannairí Afrai-Mheiriceánacha Garvey, ach d'éirigh leis a lán tacaíochta a fháil i measc daoine de shliocht Afracach i Meiriceá. Theip ar a ghluaiseacht, áfach, i ndiaidh fhéimheacht a chomhlachta agus a chiontú sa chúirt.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "Marcus Garvey" (en-us). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-12-09. Dáta rochtana: 2018-02-13.
- ↑ "The "Back to Africa" Myth". UNIA-ACL website. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 December 2006.
- ↑ "BBC - History - Marcus Garvey".
| Is síol beathaisnéise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |