Binid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ábhar eastósctha as goile chuid mhaith ainmhithe óga, an lao is an t-uan go príomha, í binid, a bhfuil an einsím binin inti. Nuair a chuirtear i mbainne í, deascann an phríomhphróitéin bainne cáiséin, agus téachtann an deascán le gruth crua a dhéanamh is meadhg a fhuascailt atá lán de shiúcra (siúcrós) is próitéiní meidhg. Bíonn binid ar fáil ar bhonn trádálach, agus úsáidtear í i gcócaireacht is déanamh cáise. Bíonn binid atá díorthaithe ó ghlasraí is binid shintéisithe ar fáil freisin chun riachtanais feoilséantóirí a shásamh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Binid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 73.