Meadhg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaMeadhg
Bunús
Gastranómachaisbainne
Sonraí
Cineáltáirge déiríochta
Príomh-chomhábhairwhey protein (en) Aistrigh

Is éard is meadhg ann ná an leacht atá fágtha tar éis bainne a ghruthú agus a scagadh. Is fotháirge de chuid dhéanamh na cáise í, agus is iomaí úsáid thráchtálach a bhaintear aisti. Tugtar meadhg mhilis ar an meadhg a fhaightear trí bhinid a chur le bainne, mar shampla nuair a dhéantar cáiseanna crua ar nós céadar nó cáis Eilvéiseach. Tugtar meadhg ghéar ar an meadhg a fhaightear mar fhotháirge ó tháirgí déiríochta de chineál aigéadach a dhéanamh, mar shampla iógart scagtha.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]