Bibi Baskin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBibi Baskin
Beathaisnéis
Breith19 Bealtaine 1952
71 bliana d'aois
Ard an Rátha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheCorcaigh
Gníomhaíocht
Gairmúdar, pearsa raidió, múinteoir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

IMDB: nm1393088 Cuir in eagar ar Wikidata

Is iarchraoltóir raidió agus teilifíse le Raidió Teilifís Éireann (RTÉ) í Olive “Bibi” Baskin.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhshráid Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall

Is as Ard an Rátha, Contae Dhún na nGall í. D'oibrigh Baskin mar mhúinteoir Gaeilge ag tús a gairme.

Bhí sí ina heagarthóir ar an nuachtán Gaeilge Anois ó 1984 go 1986, sular thosaigh sí ag obair le RTÉ. Chuir Baskin an clár ‘Evening Extra’ (1986-88) i láthair chomh maith le ‘Bibi’ agus ‘It’s Bibi’. D'fhág sí RTÉ sa bhliain 1994 ar feadh tréimhse chun obair i Nua-Eabhrac agus Sasana.

Sa bhliain 1998 chuir sí an clár ‘The Saturday Show’ i láthair. Mar aon leis an obair aici le RTÉ, d'oibrigh sí mar iriseoir agus scríbhneoir le hirisí agus nuachtáin éagsúla.

Alleppey, Kerala

D'fhág Baskin RTÉ arís agus shocraigh sí ar dhul go Sussex Thiar, Sasana, áit ar fhan ar feadh cúig bliana ag obair ar thograí éagsúla, is ag scríobh leabhair.

Bhí suim mhór aici san Ayurveda. Chuaigh sí ar thuras chuig Kerala sa bhliain 2001. D'fhan sí ann ar feadh 15 bliana, mar bhainisteoir ar óstán sómasach in Alleppey, Kerala, an India.[2]

Ba mholtóir í ar chlár RTÉ, Fáilte Towers, sa bhliain 2008.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Bibi's baskin' in new life" (en). The Southern Star. Dáta rochtana: 2020-08-22.
  2. "Bibi Baskin: Time to rethink your life? You're ready for the call of Kerala" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-08-22.