Bailte Seirbhíse Gaeltachta
Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tugtar Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar na bailte sin atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na limistéir sin.[1]
Is cuspóir Acht na Gaeltachta féachaint conas is féidir an tionchar dearfach atá na bailte seo in ann a imirt ar an nGaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht a chothú agus a threisiú.
Tá an t-aitheantas chun a bheith mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta roghnaithe as Údarás na Gaeltachta taobh istigh de na nGaeltachtaí agus ag Foras na Gaeilge sa chuid eile den dtír. Anois tá 16 bailte le Chathair Chorcaí agus Cathair na Gaillimhe san áireamh pioctha mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. Bhí sé aontaithe le Foras na Gaeilge agus le hÚdarás na Gaeltachta go ndíreofar i dtús báire ar Chathair na Gaillimhe, Leitir Ceanainn agus Daingean Uí Chúis.[2][3] Ó shin i leith tá stádas mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta bronnta ar An Clochán Liath, Baile Dhún na nGall, Maigh Chromtha, Caisleán an Bharraigh, Béal an Mhuirthead, Baile an Róba, An Clochán, An Uaimh, Baile Átha Buí, Dún Garbhán, Trá Lí agus Cathair Saidhbhín freisin.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Acht na Gaeltachta 2012
- Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
- Líonraí Gaeilge
- Údarás na Gaeltachta
- Foras na Gaeilge
- An Coimisinéir Teanga
- Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Bailte Seirbhíse Gaeltachta -An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
- ↑ Bailte Seirbhíse Gaeltachta Ceisteanna Coitianta -An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
- ↑ Bailte Seirbhíse Gaeltachta Curtha i gcartlann 2018-08-31 ar an Wayback Machine -Údarás na Gaeltachta