Johann Sebastian Bach
Ba chumadóir Gearmánach é Johann Sebastian Bach. Chum Bach ceol i stíl Barócach, tréimhse i stair an cheoil thart ar 1580-1750 agus ina raibh an chruthaitheacht i mbarr láin.[1]
Is scéal dochreidte é inniu, ach chaith Bach a shaol mar ghnáth-cheoltóir.[2] Ní raibh clú ná cáil ar an gceol a chum sé lena linn féin. Ach in 1829 (79 bliain tar éis a bháis), tháinig athrú ar an scéal. Stiúraigh an cumadóir Felix Mendelssohn saothar le Bach, Páis Naomh Mhatha agus moladh é go hard na spéire. Bhí Bach i réim as sin amach.[2]
Cumadóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceol eaglasta a bhí idir lámha aige den chuid is mó i dtús: an Pháis de réir Eoin, an Pháis de réir Mhatiú, oratóirí agus tuairim is 300 cantáid a bhfuil mórán acu caillte.
Scríobh Bach ceol freisin do na gléasanna ceoil veidhlín, dordveidhil, fliúit, orgán, cruitchorda agus clabhchorda. Do cheolfhoireann, chum sé mar shampla na sé gcoinséartó Bhrandenburg cáiliúla.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Bach ar an 21 Márta 1685 i dteaghlach de cheoltóirí in Eisenach é, an té ab óige d'ochtar clainne. Bhí post ag a athair mar cheoltóir an bhaile.
Sa bhliain 1695, chuaigh Bach ina chónaí le deartháir níos sine leis. B'orgánaí é agus meastar gur mhuin sé an t-orgán do Bach.
In 1703 agus in aois 18 dó, fuair Bach jab mar cheoltóir cúirte, ag seinm ar an veidhlín agus ar an orgán.
Bhí Bach pósta dhá uair, agus bhí 20 clainne aige (bhí roinnt acu freisin ina gceoltóirí / gcumadóirí). In 1707, phós Bach a chol ceathrar Maria agus bhí seachtar clainne acu.[2]
Sa bhliain 1717, in aois 28, fuair Bach post maith mar cheoltóir i gcúirt an Prionsa Leopold in Anhalt-Cohen.
Fuair Maria bás in 1720. An bhliain dár gcionn, phós Bach Anna Wilcke agus bhí 13 clainne eile aige.
In 1723, in aois 38 dó, bhog Bach go Leipzig. Bhí sé ina mhúinteoir agus ina stiúrthóir i Séipéal Naomh Thomáis. In 1729, ceapadh é ina stiúrthóir ar Choláiste Cheoil Leipzig.[2]
Fuair Bach bás ar an 28 Iúil 1750 i Leipzig. Faillí leighis ba chionsiocair lena bhás is cosúil (fuair sé ionfhabhtú sna súile agus tharla seipsis b'fhéidir).[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Pháis de réir Mhatiú Curtha i gcartlann 2013-06-03 ar an Wayback Machine BWV 244 Hipirtéacs (Éire)
- Aifreann i b saorga Curtha i gcartlann 2012-08-06 ar an Wayback Machine BWV 232
- Athruithe Goldberg Curtha i gcartlann 2012-06-16 ar an Wayback Machine BWV 988
Closmheáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Baroque music" (as en) (2021-07-26). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Deborah Lock. "Leabhar Mór an Cheoil | CIC". Futa Fata, 9781906907303. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-16. Dáta rochtana: 2021-07-28.
- ↑ Richard H. C. Zegers (2005-10-01). "The Eyes of Johann Sebastian Bach" (as en). Archives of Ophthalmology 123 (10): 1427–1430. doi: . ISSN 0003-9950.