Búrcáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is búrcáil ann ná an nós a bhí sa naoú haois déag, ach go háirithe, corpáin daoine marbha a bhaint aníos agus a dhíol leis na scoileanna anatamaíochta, le haghaidh taighde agus oiliúna. Is iad na téarmaí a úsáidtear sa Bhéarlaresurrectionism agus body-snatching. Is é an focal a thugtar san fhoclóir Béarla-Gaeilge le Tomás de Bhaldraitheréabóireacht reilige, agus is réabóirí reilige iad na búrcálaithe.

An focal féin[athraigh | edit source]

Tagann an focal sin búrcáil as dialann Amhlaoibh Uí Shúilleabháin, agus an chuma ar an scéal go raibh sé in úsáid sa Ghaeilge nuair a bhí an nós féin fairsing. Mar sin, úsáidtear an téarma anseo, cé nach bhfuil sé le fáil sna foclóirí. Tá an focal féin bunaithe ar ainm an tsraithmharfóra mhíchlúitigh Liam de Búrca, nó William Burke. Sna blianta 1826-1827, mharaigh an Búrcach agus a chomhchoirpeach, William Hare, seachtar duine déag i nDún Éideann leis na corpáin a dhíol leis an dochtúir Robert Knox, anatamaí agus antraipeolaí a raibh clú nár bheag air mar fhear eolaíochta ar feadh tamaill. Na gnáthbhúrcálaithe, áfach, ní mharaídís aon duine as fuil fhuar, cé go raibh go leor cleasanna acu leis an marbhán a sciobadh as an uaigh i nganfhios do lucht a ghaoil.

Seo an tagairt a rinne Amhlaoibh do na "búrcánaigh", mar a thug sé orthu, ina dhialann:

Crochadh fear de mhuintir de Búrca i nDún Éideann, ardchathair (príomhchathair) na hAlban, anuraidh ar son deichniúr is fiche duine (!) a mhúchadh trína n-anáil a chosc, chun a gcoirp mharbha a dhíol leis na táithlianna (máinlianna) ar dheich nginí an corp. Fuarthas amach gur múchadh (tachtadh) na mílte duine i nDún Éideann agus i Londain chun a gcoirp a dhíol mar an gcéanna. Deirtear go bhfuil an cleachtadh diabhalaí céanna dá leanúint in Éirinn anois. Deirtear go bhfuil dream de na búrcánaigh i gCallainn anois, - bhí Amhlaoibh féin ina chónaí i gCallainn, Contae Chill Chainnigh - ach ní chreidim é. Is é an chuma a ndéanann siad búrcáil ar dhuine ná púicín ar a mbeadh pic a tharraingt síos ar do bhéal agus ar do shrón agus tú a mhúchadh amhlaidh sin leis an bpúicín pice. Ach is é an chuma a ndéanann siad i nDún Éideann é ná duine a chur ar meisce sula múchfaí é, nó codlanán (codlaidín, óipiam) a chur i ndeoch dó agus ansin é a mhúchadh.

(Tomás de Bhaldraithe, eagarthóir: Cín Lae Amhlaoibh. An Clóchomhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1976, an tríú cló. Lch. 95-96. Tabhair faoi deara go ndearnadh caighdeánú áirithe ar an ngramadach anseo.)

An cúlra stairiúil[athraigh | edit source]

Sa Bhreatain Mhór, reachtaíodh an tAcht um Anatamaíocht (Anatomy Act) sa bhliain 1832 le rialacha agus prionsabail a leagan síos faoi úsáid na gcorpán i dtaighde na hanatamaíochta. Roimhe sin, d'fhéadfadh aon duine a rithfeadh leis scoil anatamaíochta a bhunú, ach ní raibh soláthar oifigiúil ná dlíthiúil na gcorpán ann. B'é an toradh nádúrtha dó seo ná go raibh éadáil áirithe le saothrú ar an mbúrcáil. Oilghníomh ab ea í an bhúrcáil de réir an dlí shibhialta, is é sin, míbheart a thuillfeadh idir fhíneáil agus phríosúnacht don té a dhéanfadh é. Mar sin féin, bhí an oiread sin brabúis ag baint leis an ngnó is go raibh go leor daoine sásta dul sa seans.

Bhí an bhúrcáil chomh coitianta is nárbh annamh do ghaolta an duine mhairbh diansúil a choinneáil ar an marbhán roimh an adhlacadh agus ar an uaigh ina dhiaidh, ar eagla go mbeadh na búrcálaithe ag santú an chorpáin. Is iomaí corpán a cuireadh i gcónra iarainn, fosta, nó tógadh gréasáin de bharraí iarainn timpeall na n-uaigheanna, fiú.

Bhí a gcuid modhanna oibre ag na búrcálaithe an ceann is fearr a fháil ar na gaolta, áfach. Dá n-osclóidís uaigh nua, thabharfadh an duine dall lorg a lámh faoi deara. Ina ionad sin, ba nós leo fód mór móna a ghearradh amach cúig nó sé mhéadar ar shiúl ón uaigh. Ansin, thochlóidís tollán go dtí ceann na huaighe, méadar éigin síos sa talamh. Ansin, d'osclóidís leathcheann na cónra leis an gcorpán a tharraingt amach. Ansin, chuirfí an fód ar ais ina sheanáit, agus ní chuirfeadh na gaolta sonrú ina raibh déanta, ó nach bhfágfadh an modh oibre seo rianta an mhíghnímh in aice na huaighe.