Dúnmharuithe West Port

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDúnmharuithe West Port
Íomhá
Cineálserial murder (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1828 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhDún Éideann, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata, Comhairle Cathair Dhún Éideann, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna16 Cuir in eagar ar Wikidata


Sraith de dhúnmharuithe ab ea dúnmharuithe West Port a rinneadh i nDún Éideann sna blianta 1827-1828. Ba iad William Burke (Liam de Búrca) agus William Hare (Liam Ó hEadhra), beirt Éireannach, na dúnmharfóirí, agus is í an tucaid a bhí acu leis na coireanna seo ná na corpáin a dhíol le dochtúirí Choláiste Míocháine Dhún Éideann, go háirithe leis an dochtúir Robert Knox, anatamaí agus antraipeolaí clúiteach lena lá, ar theastaigh siad uaidh le taighde a dhéanamh orthu. Ba iad a gcuid coireanna a chuir tús leis an bhfocal úd "búrcáil" sa Ghaeilge, a chiallaíonn réabóireacht reilige.

Na dúnmharuithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1827, bhí cónaí ar Liam de Búrca agus a leannán, Eibhlín Nic Dhubhghaill (Helen MacDougall) i dteach Liam Uí Eadhra, mar thionóntaí. De réir mar a d'admhaigh Mac Uí Eadhra ina dhiaidh sin, seansaighdiúir ar pinsean ab ea an chéad duine a dhíol siad leis na dochtúirí. Tionónta eile de chuid Mhac Uí Eadhra a bhí ann, agus nuair a fuair sé bás, bhí Mac Uí Eadhra i ndiaidh ceithre phunt air. I Mí na Samhna 1827, bhúrcáil an Búrcach agus Mac Uí Eadhra an corpán agus dhíol siad leis na dochtúirí ar seacht bpunt é.

Tionónta eile de chuid Mhac Uí Eadhra ab ea an chéad duine eile a maraíodh, fear a raibh aithne air mar "Joseph the Miller", is é sin, an muilleoir Seosamh. Chuir siad ar meisce é le huisce beatha agus thacht siad é. Bhí na tionóntaí ag rith gann ar Mhac Uí Eadhra, áfach, agus mar sin, chinn an bheirt ar íobartaigh nua a chealgadh isteach ón tsráid. I Mí Feabhra 1828, thug siad cuireadh don phinsinéir Abigail Simpson airneán a dhéanamh sa teach sula rachadh sí abhaile. Chuir siad ar deargmheisce í freisin agus thacht siad í. Ó bhí an corpán chomh húr, fuair siad cúig phunt déag uirthi.

I ndiaidh tionónta eile fós a mharú, chuaigh Margaret Hare, bean Liam Uí Eadhra, ag ól leis an chéad íobartach eile i dteach tábhairne. Nuair a bhí an bhean seo ar na stárthaí le meisce, chuir Margaret fios ar a fear céile. Ina dhiaidh sin, thug an Búrcach leis beirt striapach abhaile, ach tháinig bean acu slán, ó d'imigh sí nuair a thosaigh Eibhlín ag sciolladóireacht. Díoladh an bhean eile leis na dochtúirí. D'aithin cuid de na hábhair dhochtúirí í, ó bhí siad i ndiaidh an chorroíche a chaitheamh léi.

Bean déirce darbh ainm Effie, agus aithne ag an mBúrcach uirthi, ba thúisce a maraíodh ina dhiaidh sin. Fuair na murdaróirí deich bpunt ar a corp. Ansin, chonaic an Búrcach bean a raibh na póilíní díreach ag breith uirthi, agus dúirt sé leo go raibh aithne aige uirthi. D'imigh na póilíní ansin, agus fágadh an bhean ag an mBúrcach le haghaidh marú. Mharaigh sé í agus dhíol sé leis na dochtúirí í cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin.

Seanbhean agus buachaill bodhar ab ea an chéad bheirt eile a mharaigh siad. Bhí an Búrcach agus Mac Uí Eadhra ag easaontú faoin mbuachaill, ach sa deireadh thiar mharaigh an Búrcach é agus dhíol sé an bheirt ar ocht bpunt an corp. Ina dhiaidh sin, maraíodh bean de lucht aitheantais an Bhúrcaigh, Mrs Ostler, chomh maith le hÁine Nic Dhubhghaill (Ann MacDougal), a raibh gaol ag leannán an Bhúrcaigh léi.

Ansin, casadh an striapach chnagaosta Mary Haldane ar Mhac Uí Eadhra. Nuair a chronaigh a hiníon Peigí uaithi í, agus í ag cur a tuairisce, mharaigh an Búrcach agus Mac Uí Eadhra ise chomh maith. An uair seo, áfach, d'airigh na daoine uathu na mná a bhí imithe, ó bhí aithne ag uasal is ag íseal ar Mary Haldane sa chomharsanacht.

An chéad duine eile a mharaigh siad, bhí aithne ní b'fhairsinge air fós. Fear óg mallintinneach a bhí ann a dtugtaí Daft Jamie, nó Séimí Néaltraithe, air. Chuir Séimí troid ar a shon, agus b'éigean don bheirt fhear é a mharú in éineacht. Thosaigh a mháthair ag cur a thuairisce. Nuair a nocht an Dochtúir Knox an buachaill an lá arna mhárach, d'aithin daoine de na mic léinn é. Shéan Knox gurbh é Séimí a bhí ann, ach deirtear gur ghearr sé suas an aghaidh roimh aon chuid eile den chorp.

Ba í Mary Docherty, nó Máire Ní Dhochartaigh, an duine deireanach a maraíodh. Dúirt an Búrcach léi gur de mhuintir Uí Dhochartaigh dá mháthair féin, le hí a mhealladh isteach sa teach lóistín. Ansin, d'fhan sé go dtí gur fhág a chomhlóisteoirí, Ann agus James Gray, an áit, agus mharaigh sé Máire. Chuala na comharsanaigh gleo na troda, áfach.

Deireadh na gcoireanna agus an pionós[cuir in eagar | athraigh foinse]

An lá arna mhárach, d'éirigh Ann Gray drochamhrasach, nuair nach ligfeadh an Búrcadh di dul in aon chóngar don leaba ar fhág sí péire stocaí inti. Teacht an tráthnóna, bhí Ann agus James Gray ina n-aonar sa teach, agus nuair a sheiceáil siad an leaba, tháinig siad ar chorp Mháire Ní Dhochartaigh fúithi. Ag dul amach le fios a chur ar na póilíní dóibh, casadh Eibhlín Nic Dhubhghaill orthu. D'áitigh Eibhlín orthu dearmad a dhéanamh den scéal, ar acht go bhfaighidís deich bpunt an tseachtain de bhrabús na gcorp. Dhiúltaigh siad.

Thug Eibhlín Nic Dhubhghaill agus Margaret Hare rabhadh don bheirt dhúnmharfóirí go raibh na póilíní ar a lorg, agus bhí d'uain acu an corp a thabhairt amach as an teach sular tháinig na póilíní. Nuair a cuireadh ceastóireacht orthu, áfach, tháinig an Búrcach agus Eibhlín salach ar a chéile faoin am ar imigh Máire Ní Dhochartaigh, mar dhea. Fuair na póilíní leide a thug i dtreo an Dochtúra Knox iad, agus i seomra ranga an dochtúra, tháinig siad ar chorp Mháire. Ba é James Gray a d'aithin í. Bhí na dúnmharfóirí gafa anois, chomh maith leis an mbeirt bhan, agus bhí an tsraith dúnmharfóireachta críochnaithe i ndiaidh aon mhí déag.

Nuair a thug nuachtán áitiúil i nDún Éideann tuairisc ar na himeachtaí, chuala Janet Brown, an striapach a tháinig slán nuair a maraíodh a leathbhádóir, iomrá orthu agus chuaigh sí ag cuidiú leis na póilíní. D'aithin sí éadaí de chuid Mhary Paterson, an striapach a bhí ina cuideachta agus a fuair bás.

An forghníomhú

Cé go raibh fianaise ann, níor leor í, agus thug an breitheamh tairiscint do Mhac Uí Eadhra: gheobhadh sé díolúine ón ionchúiseamh, dá mbeadh sé sásta fianaise a thabhairt in aghaidh an Bhúrcaigh. Thoiligh sé, agus gearradh breith an bháis ar an mBúrcach i Mí na Nollag 1828. Scaoileadh Eibhlín saor, ó nach rabhthas ábalta a chruthú go raibh lámh aici sna dúnmharuithe. Níor ionchúisíodh Robert Knox, cé go raibh callán mór ann faoi na himeachtaí.

D'fhill Eibhlín Nic Dhubhghaill abhaile, ach ba dhóbair di go linseálfadh slua de dhaoine feargacha í ar thairseach an tí. D'éalaigh sí go Sasana, ach tháinig a míchlú ansin roimpise. Deirtear gur thug sí aghaidh ar an Astráil ansin, agus go bhfuair sí bás ansin timpeall na bliana 1868. D'éalaigh Margaret Hare ó lucht a linseála freisin, agus an chuma ar an scéal gur theith sise go hÉirinn. Sin a bhfuil ar eolas fúithi.

Scaoileadh saor le Mac Uí Eadhra i bhFeabhra 1829. Bhí scéalta ag imeacht faoi agus iad ag tabhairt le fios gur fear iarrtha déirce a bhí ann a raibh radharc a shúl caillte aige. Níor dearbhaíodh na scéalta seo riamh. Chonacthas an uair dheireanach é i gCarlisle, Sasana.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]