Anne Frank
Fuair Annelies Marie "Anne" Frank, a rugadh ar 12 Meitheamh 1929 i Frankfurt-am-Main sa Ghearmáin, bás i gcampa géibhinn i mí Feabhra nó Márta 1945.[1] Cé nach raibh Anne Frank ach 15 d’aois nuair a d'éag sí, bhí tionchar aici ar an domhan mar gheall ar an dialann a scríobh sí.[2]
Scríobh sí an dialann thar dhá bhliain nuair a bhí sí féin agus a teaghlach i bhfolach in Amsterdam ó thrúpaí Naitsíocha. Cuireadh an dialann i gcló i ndiaidh a báis, agus thug sé pictiúr dúinn cad é mar a bhí sé eagla do bheatha a bheith ort ar feadh dhá bhliain. Seans gurb í an duine is mó cáil des na milliúin Giúdach a maraíodh le linn an Uileloisce.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is sa Ghearmáin a rugadh agus a tógadh Anne Marie Frank. Giúdaigh a bhí sa teaghlach s’aici. Ach bhí orthu an Ghearmáin a fhágáil nuair a tháinig lucht tacaíochta Adolf Hitler i gcumhacht in Frankfurt, áit a raibh siad ina gcónaí.
Ní raibh Anne ach 4 bliana d’aois nuair a d’fhág a teaghlach an Ghearmáin agus a chuaigh siad chun na hÍsiltíre le saol nua a bhaint amach dóibh féin. Fuair Otto Frank, athair Anne, obair i monarchana. Bhí saol iontach sona ag an teaghlach, cé go raibh eagla orthu i gcónaí go dtiocfadh na Naitsithe i gcumhacht in Amsterdam, agus go mbeadh siad go holc do na Giúdaigh.
Bhí an teaghlach faoi bhagairt arís toisc forghabháil na nGearmánach ar an Ollainn. Ar 6 Iúil 1942 chuaigh an teaghlach agus ceathrar Giúdach eile i bhfolach i bhfortheach rúnda in áras a chuideachta i gceantar Prinsengracht. Chuaigh Otto i muinín Miep Gies, fostaí de chuid na cuideachta, agus bhíodh Ollannaigh dhílse ag tabhairt bia agus leabhar don bhuíon a bhí i bhfolach.
Sceitheadh orthu, áfach. Ar an 4 Lúnasa 1944 fuair saighdiúirí Naitsíocha eolas go raibh daoine ag fanacht i seomraí rúnda sa teach. Tógadh cách go dtí na campaí géibhinn agus ba é Otto amháin a tháinig slán.
Bogadh Anne agus a deirfiúr Margot ó Auschwitz (áit ar cailleadh a máthair) go Bergen-Belsen. Thall ansin, bhuail an tífeas na deirfiúracha. D’éag Margot agus cailleadh Anne go luath ina diaidh. Ghabh arm na Breataine an campa beagán níos déanaí, i mí Aibreáin 1945.
An Dialann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leabhar a fuair sí mar bhronntanas lae breithe nuair a bhí sí trí bliana déag a d’úsáid sí mar dhialann. Déagóir anamúil, gealgháireach a bhí in Anne ach bhí aigne thar a bheith neamhspleách aici chomh maith agus tá na tréithe seo ar fad léirithe ina dialann.
Tugann sí léiriú grinn orthu siúd a bhí i bhfolach léi agus mar a réitigh nó nár réitigh siad lena chéile. Scríobhadh sí an dialann amhail is dá mba rud é go raibh sí ag labhairt le dlúthchara agus thuig sí nach bhféadfadh sí a cuid smaointe a roinnt chomh hoscailte sin leis na daoine eile.
Bhí meas ag Anne ar an litríocht agus scríobh sí ar 11 Bealtaine 1944 gurbh í an mhian ba mhó a bhí aici ná bheith ina hiriseoir agus theastaigh uaithi lá éigin go bhfoilseofaí leabhar bunaithe ar an dialann agus go mbeadh aitheantas aici mar scríbhneoir.
Foilseachán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharla seo toisc gur chumhdaigh Miep Gies an dialann ó Lúnasa 1944 agus gur thug sí d’Otto é tar éis an chogaidh. D’fhoilsigh seisean é i 1947. Ó shin i leith, tá cáil dhomhanda ar Anne. Toisc an mhacántacht seo agus a cumas nádúrtha scríbhneoireachta, tá na milliúin cóip den dialann díolta ar fud an domhain in iliomad teangacha.
Tá cáil chomh maith ó 1960 ar an músaem atá san áras i Prinsengracht. Tá an dialann ar taispeáint ann. Tagann beagnach milliún cuairteoir in aghaidh na bliana go dtí an músaem.
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá aistriúchán Gaeilge den dialann ar fáil faoin teideal Dialann Cailín Óig aistrithe ag Pádraig De Bléine, le fáil ar Yumpu[3] agus archive.org.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dialann Cailín Óig leagan Gaeilge le Pádraig de Bléine
- Leabharː Beatha le Bua - Anne Frank Curtha i gcartlann 2020-09-23 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "'One day they simply weren’t there.' How researchers reconstructed Anne Frank's last months" (en-us). PBS NewsHour (2020-06-12). Dáta rochtana: 2022-03-12.
- ↑ nicurriculum.org.uk. "Beatha le Bua - Anne Frank". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-23. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Anne Frank (1943-1945). "Dialann ar Yumpu". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Anne Frank (1943-1945). "Dialann ar Archive.org ... pdf chun íoslódáil". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-04. Dáta rochtana: 2022.