Anne Frank

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Joods Lyceum, Voormalige Stadstimmertuin 1, Amsterdam. Nollaig 1941.

Fuair Annelies Marie "Anne" Frank, a rugadh ar 12 Meitheamh 1929 i Frankfurt-am-Main sa Ghearmáin, bás i gcampa géibhinn i 1945. Cé nach raibh Anne Frank ach 16 d’aois nuair a fuair sí bás, bhí tionchar aici ar an domhan mar gheall ar an dialann a scríobh sí.[1]

Dealbh, Westerkerk, Amsterdam

Scríobh sí an dialann thar dhá bhliain nuair a bhí sí féin agus a teaghlach i bhfolach in Amsterdam ó thrúpaí Naitsíocha. Cuireadh an dialann i gcló i ndiaidh a báis, agus thug sé pictiúr dúinn cad é mar a bhí sé eagla do bheatha a bheith ort ar feadh dhá bhliain. Seans gurb í an duine is mó cáil des na milliúin Giúdach a maraíodh le linn an Uileloisce.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is sa Ghearmáin a rugadh agus a tógadh Anne Marie Frank. Giúdaigh a bhí sa teaghlach s’aici. Ach bhí orthu an Ghearmáin a fhágáil nuair a tháinig lucht tacaíochta Adolf Hitler i gcumhacht in Frankfurt, áit a raibh siad ina gcónaí.

sa bhliain 1940, 6. Montessorischool, Niersstraat 41-43, Amsterdam

Ní raibh Anne ach 4 bliana d’aois nuair a d’fhág a teaghlach an Ghearmáin agus a chuaigh siad chun na hÍsiltíre le saol nua a bhaint amach dóibh féin. Fuair Otto Frank, athair Anne, obair i monarchain. Bhí saol iontach sona ag an teaghlach, cé go raibh eagla orthu i gcónaí go dtiocfadh na Naitsithe i gcumhacht in Amsterdam, agus go mbeadh siad go holc do na Giúdaigh.

Bhí an teaghlach faoi bhagairt arís toisc forghabháil na nGearmánach ar an Ollainn. Ar 6 Iúil 1942 chuaigh an teaghlach agus ceathrar Giúdach eile i bhfolach i bhfortheach rúnda in áras a chuideachta i gceantar Prinsengracht. Chuaigh Otto i muinín Miep Gies, fostaí de chuid na cuideachta, agus bhíodh Ollannaigh dhílse ag tabhairt bia agus leabhar don bhuíon a bhí i bhfolach.

Sceitheadh orthu, áfach. Ar an 4 Lúnasa 1944 fuair saighdiúirí Naitsíocha eolas go raibh daoine ag fanacht i seomraí rúnda sa teach. Tógadh cách go dtí na campaí géibhinn agus ba é Otto amháin a tháinig slán.

Bogadh Anne agus a deirfiúr Margot ó Auschwitz, áit ar cailleadh a máthair, go Bergen-Belsen ach bhuail an tífeas iad ansin. D’éag Margot agus cailleadh Anne go luath ina diaidh, ag tús mhí an Mhárta 1945.

Teach Anne Frank inniu

An Dialann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhar a fuair sí mar bhronntanas lae breithe nuair a bhí sí trí bliana déag a d’úsáid sí mar dhialann. Déagóir anamúil, gealgháireach a bhí in Anne ach bhí aigne thar a bheith neamhspleách aici chomh maith agus tá na tréithe seo ar fad léirithe ina dialann.

Tugann sí léiriú grinn orthu siúd a bhí i bhfolach léi agus mar a réitigh nó nár réitigh siad lena chéile. Scríobhadh sí an dialann amhail is dá mba rud é go raibh sí ag labhairt le dlúthchara agus thuig sí nach bhféadfadh sí a cuid smaointe a roinnt chomh hoscailte sin leis na daoine eile.

Cuimhneachán, Bergen-Belsen

Bhí meas ag Anne ar an litríocht agus scríobh sí ar 11 Bealtaine 1944 gurbh í an mhian ba mhó a bhí aici ná bheith ina hiriseoir agus theastaigh uaithi lá éigin go bhfoilseofaí leabhar bunaithe ar an dialann agus go mbeadh aitheantas aici mar scríbhneoir.

Foilseachán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla seo toisc gur chumhdaigh Miep Gies an dialann ó Lúnasa 1944 agus gur thug sí d’Otto é tar éis an chogaidh. D’fhoilsigh seisean é i 1947. Ó shin i leith, tá cáil dhomhanda ar Anne. Toisc an mhacántacht seo agus a cumas nádúrtha scríbhneoireachta, tá na milliúin cóip den dialann díolta ar fud an domhain in iliomad teangacha.

Tá cáil chomh maith ó 1960 ar an músaem atá san áras i Prinsengracht. Tá an dialann ar taispeáint ann. Tagann beagnach milliún cuairteoir in aghaidh na bliana go dtí an músaem.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá aistriúchán Gaeilge den dialann ar fáil faoin teideal Dialann Cailín Óig aistrithe ag Pádraig De Bléine, le fáil ar Yumpu agus nicurriculum.org.uk faoi láthair[2].

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]