An Vítneaimis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Vítneaimis
tiếng Việt

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais76,000,000 (2019)
Dúchasach doContae Jianping, Vítneam, Guangxi agus Shanxi
StáitVítneam agus Daon-Phoblacht na Síne
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Austric (en) Aistrigh
Austroasiatic (en) Aistrigh
Mon-Khmer (en) Aistrigh
Vietic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir na Vítneaimise, Vietnamese Braille (en) Aistrigh, chữ Nôm (en) Aistrigh agus aibítir Laidineach
Staidéar agVietnamese studies (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Cóid
ISO 639-1vi
ISO 639-2vie
ISO 639-3vie
Glottologviet1252
Linguasphere46-EBA
Ethnologuevie
ASCL6302
Linguist Listvie
IETFvi

Is í an Vítneaimis teanga náisiúnta Vítneam. Labhraíonn tuairim is 75 mhilliún duine ar fud an domhain an teanga seo. Cosúil lena lán teangacha in oirthear na hÁise, ar nós na Sínise mar shampla, is teanga thonúil í an Vítneaimis. Ciallaíonn an méid sin gur féidir nach bhfuil de dhifríocht idir dhá fhocal sa teanga seo ach an tuin a théann leo. Bíonn na tuineacha difriúla ag obair cosúil leis na fuaimeanna difriúla ag aithint focail dhifriúla thar a chéile, agus mar sin, tugtar tuinéimí orthu, díreach mar a thugtar fóinéimí ar fhuaimeanna éagsúla.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Inniu, is teanga scoite í an Vítneaimis ó thaobh na bhfoirmeacha gramadaí de, is é sin, ní bhaintear úsáid as míreanna gramadúla a ghreamófaí de na focail, mar a dhéantar sna teangacha táite. Teangacha scoite iad an chuid is mó de theangacha Oirthear na hÁise. Dealraíonn sé, áfach, go raibh an Vítneaimis, i dtús a staire, i bhfad níos cosúla leis na teangacha Astráiseacha, is é sin, go raibh moirfeolaíocht infhillte aici chomh maith le grúpaí de chonsain. Faoi thionchar na timpeallachta, áfach, tháinig athrú mór ar na cúrsaí. Mar sin, tháinig an mhoirfeolaíocht scoite in áit na míreanna gramadúla, agus forbraíodh na tuineacha sa Vítneaimis, cé nach raibh a leithéidí ann ar dtús. Is féidir cosúlachtaí a aithint idir córas tuineacha na Vítneaimise agus an córas a úsáidtear i gcanúint Chantanach na Sínise, rud a thugann le fios go raibh páirt nach beag ag an gcanúint sin i bhforbairt an chórais sa Vítneaimis.

Ó b'í an tSínis teanga na cumhachta polaitiúla sa chearn seo den domhan ón dara haois roimh bhreith Chríost anuas, thosaigh focail agus téarmaí ag tonnadh isteach ón tSín, go háirithe téarmaí a bhí ag baint leis na cúrsaí polaitíochta agus riaracháin. B'í an tSínis Chlasaiceach an t-aon teanga liteartha amháin a shaothraítí i Vítneam san am seo, leis. Dá thoradh sin, is focail Hán Việt (focail Shíneach-Vítneamacha) iad an chuid is mó d'fhoclóir na Vítneaimise inniu féin.

Stádas oifigiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an Vítneaimis teanga oifigiúil Vítneam. Cé go bhfuil sí á labhairt ag na Vítneamaigh leis na cianta cairbreacha anuas, ní bhfuair sí stádas ceart oifigiúil i gcúrsaí riaracháin na tíre roimh an bhfichiú haois. An chuid ba mhó den am, b'í an tSínis Chlasaiceach a rinne an gnó sin. Bhí an leagan Chữ Nôm den Vítneaimis á úsáid i gcúrsaí riaracháin nuair a bhí na rítheaghlaigh Ho (1400-1407) agus Tay Son (1778-1802) ag rialú na tíre. Nuair a choilínigh na Francaigh an tír, chuir siad an Fhraincis in áit na Sínise mar theanga oifigiúil riaracháin. Níor bronnadh an stádas oifigiúil ar an Vítneaimis sular fhág na Francaigh an tír.

Canúintí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá canúintí éagsúla ann sa Vítneaimis, ach má bhíonn duine in ann canúint amháin a thuiscint, is dócha go mbainfidh sé ciall mhaith as na canúintí eile fosta. Go ginearálta, tá an teanga roinnte idir trí chanúint mhóra: an ceann tuaisceartach nó an "Taincínis" (a labhraítear i Hanoi agus i dtuaisceart Vítneam), an chanúint láir nó an "Ard-Annaimis" (a labhraítear i nDanang agus i Hué, srl.), agus an ceann deisceartach nó an "Chóitínis" (a labhraítear sa cheantar in aice le Saigon/cathair Ho Chi Minh agus in áiteanna eile i ndeisceart Vítneam).

Gramadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosúil leis an gcuid is mó de na teangacha a labhraítear in Oirthear na hÁise, tá gramadach na Vítneaimise bunaithe ar pháirteagail scoite seachas ar mhíreanna táite. Na feidhmeanna gramadúla a chuirtear in iúl leis an infhilleadh sna teangacha Eorpacha, is ar ordú na bhfocal agus ar na páirteagail a aithnítear iad sa Vítneaimis.

Is minic a deirtear gur teanga aonsiollach í an Vítneaimis tríd is tríd, ach ní fíor an méid sin. Cé nach bhfuil ach aon siolla amháin i gcuid mhaith de na focail, is déshiollaigh iad an formhór acu. Is fearr a rá go bhfuil an chuid is mó de na moirféimí aonsiollach.

Scríobh[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir mar a bhí sí ag fáil ardú céimíochta sa tsochaí timpeall ar thús na dara mílaoise i ndiaidh bhreith Chríost, chuaigh an Vítneaimis in úsáid mar theanga liteartha. Go bunúsach, ba iad na litreacha Síneacha a cuireadh i bhfeidhm ar an Vítneaimis - córas ar a dtugtar Chữ Nôm as Vítneaimis. Bhláthaigh an Vítneaimis mar theanga liteartha san ochtú haois déag, nuair a bhí filí clasaiceacha cosúil le Nguyễn Du (1765-1820) agus Hồ Xuân Hương (1772-1822) i mbun pinn. Ba é Nguyễn Du a chum eipic náisiúnta Vítneam, Truyện Kiều (Scéal Kieu). Chleachtadh na filí seo an córas Chữ Nôm, ar ndóigh.

Córas scothaicmeach ab ea Chữ Nôm, nach gceadódh don chosmhuintir scríbhneoireacht a fhoghlaim go héasca. Mar sin, chruthaigh na misinéirí Críostaí a gcóras féin, Quốc Ngữ mar a thugtar air inniu - an "córas náisiúnta". Tá sé bunaithe ar an aibítir Laidineach, ach baineann sé úsáid as a lán comharthaí beaga idirdhealaitheacha, cuid acu le fóinéimí ar leith a shainaithint, cuid eile leis na tuinéimí a chur in iúl. Mar sin, is minic a bhíonn dhá chomhartha den chineál seo curtha le litir áirithe, rud ar a n-aithnítear an Vítneaimis go furasta.

Téann stair an chórais Quốc Ngữ siar go dtí an seachtú haois déag, nuair a thosaigh na misinéirí Portaingéalacha ag breacadh síos téacsaí Vítneaimise le haghaidh teagaisc agus leis an Soiscéal a chraobhscaoileadh. Ba é an tÍosánach Francach Alexandre de Rhodes a rinne an chuid ba mhó den obair, áfach. Chaith sé na blianta 1624-1644 ag obair i Vítneam, agus chum sé foclóir mór Vítneaimise inar tugadh míniú Portaingéilise agus Laidine ar na focail Vítneaimise. Bhí sé i dtuilleamaí foinsí Portaingéilise - na foclóirí a scríobh Gaspar d'Amaral agus Duarte da Costa roimhe - le bheith in ann a fhoclóir-sean a chur i dtoll le chéile, ar ndóigh, ach chuir sé a litriú féin i bhfeidhm ar an ábhar Vítneaimise a fuair sé sna foinsí seo.

Ní dheachaigh an córas Quốc Ngữ in úsáid go fairsing ach i dtús na fichiú haoise, nuair a thug na Francaigh isteach é go hoifigiúil. Bhí cuid de na ceannairí náisiúnta Vítneamacha drochamhrasach i dtaobh an chórais, agus iad ag iarraidh cur in aghaidh an choilíneachais Fhrancaigh, ach sa deireadh thiar, bhí an chuid ba mhó acu siúd féin sásta leis an gcóras nua, agus an dóigh ar cheadaigh sé an léitheoireacht a mhúineadh do na Vítneamaigh go léir. Mar sin, mura raibh ach an-chorrdhuine in ann an teanga a léamh roimh an bhfichiú haois, is ar éigean a thiocfá ar dhuine i Vítneam inniu nach mbeadh léamh agus scríobh na Vítneaimise aige.

Ní bhaintear mórán úsáide as an gcóras Chữ Nôm inniu, ach múintear é i gcónaí sna hollscoileanna mar eochair don tSínis agus mar chúrsa uraiceachta dóibh siúd a bhíonn ag staidéar léann Oirthear na hÁise.

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sampla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo sliocht as an dán Truyện Kiều leis an bhfile Nguyễn Du (1765-1820). Scríobhadh an chéad leagan den dán síos sna litreacha Síneacha de réir an chórais Chu nom. Teagasctar sna scoileanna ar fud Vítneam anois é.

Trăm năm trong cõi người ta,
Chữ tài chữ mệnh khéo là ghét nhau.
Trải qua một cuộc bể dâu,
Những điều trông thấy mà đau đớn lòng.
Lạ gì bỉ sắc tư phong,
Trời xanh quen thói má hồng đánh ghen.
Míle bliain de shaol na ndaoine,
Agus na páirceanna maoildeirge iompaithe ina bhfarraige mhór,
Chonaic muid ár ndóthain lenár gcroíthe a leá.
Is beag iontas go dtarraingíonn áilleacht trioblóid
Ó tá Neamh in éad le fíorscéimh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]