Hué

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Radharc ar Hué. Gustave Eiffel a dhear Droichead Truong Tien sa phictiúr

Cathair i lár Vítneam is ea Hué. Príomhchathair Chúige Thừa Thiên–Huế atá ann. Rinne an rítheaghlach Nguyễn a bpríomhchathair de Hué agus iad i réim in Annam i lár Vítneam, agus faoin Impire Gia Long rinne príomhchathair den tír ar fad de sa bhliain 1802. Mhair an stádas sin go 1945. Tá a lán ailtireachta traidisiúnta Vítneamaí agus Francaí sa chathair. Rinneadh damáiste mór don chathair le linn Chogaidh Vítneam. Tá timpeall agus 340,000 duine ina gcónaí in Hué.