Fóinéim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is fóinéim ann na ceann de na fuaimeanna a chloistear mar an fhuaim chéanna. Sampla ón nGaeilge: Cé gur fuaimeanna nó allafóin dhifriúla iad [tʲ] agus [ʧ], cloistear mar an fhóinéim chéanna iad. Sin é, is féidir ceachtar díobh a úsáid agus ní athraítear brí an fhocail.

I ndáiríre, is minic an scéal ag brath ar áit na fóinéime san fhocal, cé acu allafón a úsáidtear. Bheadh an focal intuigthe dá mbainfí leas as an allafón "mícheart", ach bheadh sé níos deacra le fuaimniú, nó ní bheadh blas nádúrtha dúchasach air.