An Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadAn Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh
Cineálcairt agus conradh Cuir in eagar ar Wikidata
LonnaitheBas-Rhin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla agus an Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharcearta teanga Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú5 Samhain 1992 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe5 Samhain 1992 Cuir in eagar ar Wikidata
Obair iomlánTéacs iomlán Cuir in eagar ar Wikidata

Conradh Eorpach (CETS 148) a daingníodh i 1992 faoi choimirce Chomhairle na hEorpa chun teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a chosaint agus a chur chun cinn san Eoraip is ea an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh[1] (Béarla: European Charter for Regional or Minority Languages; Fraincis: Charte européenne des langues régionales ou minoritaires). Ní thugann an chairt aon sainmhíniú ar cad is teanga réigiúnach nó mionlaigh ann, agus fágadh an cinneadh sin faoi na stáit náisiúnta éagsúla.

Níl feidhm ag an gcairt ach le teangacha a úsáideann saoránaigh na stát go traidisiúnta (agus sa chaoi sin, fágtar teangacha a úsáideann inimirceoirí ó stáit eile as an áireamh), agus atá sách difriúil ó theanga an tromlaigh nó ón teanga oifigiúil (agus sa chaoi sin, fágtar canúintí as an áireamh),[2] agus a bhfuil bunús críochach leo (.i. teangacha a labhraítear go traidisiúnta i réigiúin nó i gceantair laistigh den Stát) nó a úsáideann mionlaigh theangeolaíochta laistigh den Stát ina iomláine (rud a chuireann teangacha ar nós Giúdais agus Romainis san áireamh).

Ní rangaítear teangacha atá oifigiúil laistigh de réigiún nó cúige ar leith (mar shampla an Chatalóinis sa Spáinn) mar theangacha oifigiúla an Stáit, agus dá bharr sin d’fhéadfadh na pobail sin leas a bhaint as an gCairt. Ar an láimh eile, ní raibh Poblacht na hÉireann in ann an Chairt a shíniú ar son na Gaeilge (cé gur teanga mhionlaigh í) toisc gurb í an chéad teanga oifigiúil de réir an Bhunreachta. Dhaingnigh an Ríocht Aontaithe an Chairt ar son (i measc teangacha eile) na Breatnaise sa Bhreatain Bheag, na hAlbainise agus Gaeilge na hAlban in Albain, agus ar son na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Cé gur sínitheoir í an Fhrainc, tá bac bunreachtúil uirthi an Chairt a dhaingniú ar son teangacha mionlaigh na Fraince.

Soláthraíonn an chairt go leor gníomhartha a d'fhéadfadh stáit a dhéanamh chun teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a chosaint agus a chur chun cinn. Tá dhá leibhéal cosanta ann — ní mór do gach sínitheoir an leibhéal cosanta is ísle a chur i bhfeidhm ar theangacha ábhartha. Is féidir le sínitheoirí a dhearbhú freisin go mbainfidh teanga nó teangacha leas as an leibhéal cosanta níos airde, ina sonraítear raon gníomhaíochtaí nach mór do stáit 35 acu ar a laghad a chur i ngníomh.

Cosaintí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir le tíortha an chairt a dhaingniú bunaithe ar Chuid II nó ar Chuid III den Chairt, ina leagtar amach prionsabail difriúla. Is féidir le tír amháin Cuid III roghnú do theangacha áirithe, mar shampla, dhaingnigh an Ríocht Aontaithe Cuid II and Cuid III den Chairt i gcás na Breatnaise, ach Cuid II amháin i gcás na Coirnise.

Cuid II[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gCuid II den Chairt, leagtar naoi bpríomhphrionsabal agus cuspóirí amach (Airteagal 7, 1(a)–(i)) nach mór do Stáit a bpolasaithe agus a reachtaíocht a bhunú orthu. Feictear iad mar chreatlach chun na teangacha atá i gceist a chaomhnú.[3]

  • na teangacha réigiúnacha nó mionlaigh a aithint mar fhriotal ar an saibhreas cultúrtha
  • limistéar geografach gach teanga réigiúnach nó mionlaigh a urramú
  • an riachtanas atá le gníomhaíocht dhiongbháilte d'fhonn teangacha réigiúnacha nó mionlaigh a chur ar aghaidh
  • úsáid teangacha réigiúnacha nó mionlaigh sa chaint agus i scríbhinn a éascú agus/nó a chothú, sa saol poiblí agus príobháideach.
  • caidreamh cultúrtha a chothú le grúpaí sa Stát a úsáideann teangacha difriúla
  • foirmeacha agus meáin iomchuí a sholáthar chun teangacha réigiúnacha nó mionlaigh a theagasc, nó staidéar a dhéanamh orthu
  • saoráidí a sholáthar chun gur féidir le daoine nach labhraíonn teanga réigiúnach nó mionlaigh a bhfuil cónaí orthu sa limistéar ina labhraítear í an teanga sin a fhoghlaim más mian leo
  • staidéar agus taighde ar theangacha réigiúnacha nó mionlaigh a chur ar aghaidh in ollscoileanna nó in institiúidí coibhéiseacha
  • saghsanna iomchuí comhaiseag trasnáisiúnta a chur ar aghaidh i dtaca le teangacha réigiúnacha nó mionlaigh

Cuid III[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sonraítear i gCuid III rialacha cuimsitheacha, trasna roinnt earnálacha, a n-aontaíonn stáit cloí leo. Ní mór don rialtas gach teanga lena mbaineann Cuid III den Chairt a ainmniú go sonrach. Ní mór do Stáit cúig cinn is tríocha ar a laghad de na gealltanais a roghnú i leith gach teanga. Tá roghanna éagsúla ag baint le leibhéil éagsúla tacaíochta i go leor forálacha, agus ní mór ceann acu a roghnú “i gcomhréir leis an gcor ina bhfuil gach teanga”. Is iad seo a leanas na réimsí óna gcaithfear na gealltanais sin a roghnú: [3]

  • Oideachas
  • Údaráis bhreithiúnacha
  • Údaráis riarthacha agus seirbhísí poiblí
  • Na Meáin
  • Gníomhaíochtaí agus saoráidí cultúrtha
  • Saol eacnamaíoch agus sóisialta
  • Comhaisig trasteorann

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “the European Charter for Regional or Minority Languages” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-07.
  2. Kordić (2024). "Languages and Nationalism Instead of Empires": 167Teimpléad:Hyphen179. London: Routledge. doi:10.4324/9781003034025-11. ISBN 978-0-367-47191-0. OCLC 1390118985. Teimpléad:COBISS.RS. Teimpléad:COBISS. Dáta rochtana: 2024-01-16. “In Croatia and Serbia, segregation takes place in the name of minority language rights, ignoring that the European Charter for Regional or Minority Languages gives a clear definition of a minority language that excludes the term ‘minority language’ in this case. [...] although the Charter reads that a minority language must be different from the official language and must not be a dialect of the official language, and although the standard language of Bosniaks, Croats, Montenegrins and Serbs is based on the same dialect called Shtokavian, and it is clear that according to the Charter it cannot be regarded as several minority languages.” 
  3. 3.0 3.1 The European Charter for Regional or Minority Languages is the European convention for the protection and promotion of languages used by traditional minorities.”. European Charter for Regional
    or Minority Languages
    .

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]