An Aidhniúis
Cineál | teanga nádúrtha agus teanga bheo |
---|---|
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 10 (2007) |
Dúchasach do | Maoracht Hokkaido, Oileáin Chúiríl, Sacailín agus Cúige Shakhalin |
Stáit | an tSeapáin agus an Rúis |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna an Aidhniúis | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | litriú na hAidhniúise agus aibítir Laidineach |
Staidéar ag | teangeolaíocht na hAidhniúise |
Leibhéal leochaileachta | 5 i mbaol báis |
Cóid | |
ISO 639-2 | ain |
ISO 639-3 | ain |
Glottolog | ainu1252 |
Linguasphere | 45-B |
Ethnologue | ain |
Linguist List | ain |
UNESCO | 475 |
IETF | ain |
Endangered languages | 1212 |
Is teanga dhúchais na Seapáine í an Aidhniúis (Aidhniúis: アィヌ・イタㇰ, nó, Aynu=itak, Seapáinis: アイヌ語, Ainu-goBéarla: /ainu/). Labhraítear í ar an oileán Hokkaido i dtuaisceart na Seapáine. Is í teanga stairiúil na nAidhniúch í. Bhí cainteóirí ann sa Rúis (Sachailín agus sna h-Oileáin Chúiríl) go dtí na 1960idí.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceaptar gurb í an Aidhniúis an teanga a labhraíodh sa tSeapáin sular tháinig na Seapánaigh ann idir 700 agus 1300 bliana ó shin. Comharthaíonn logainmneacha i dtuaisceart na Seapáine (Tohoku) go raibh lonnaíochtaí Aidhniúcha ann sa chuid is faide ó thuaidh den oileán Honshu. Faightear a lán logainmneacha Aidhniúise ar an oileán Hokkaido, ina labhraítear an teanga go fóill le roinnt bheag daoine.
D'aithin rialtas na Seapáine an teanga go hoifigiúil den chéad uair i mí Feabhra 2019.[1]
Canúintí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maidir le canúintí na h-Aidhniúise, tá Yakumo, Oshmambe, Horobetsu, Biratori, Niikappu, Samani, Nukkibetsu, Obihiro, Asahikawa, Kushiro, Bihoro, Nayoro agus Soya ann sa tSeapáin, chomh maith leis na canúintí a bhí ann sa Rúis.[2]
Fóineólaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is teanga CV(C), (C=Consan, V=Guta), í an Aidhniúis.
Gutaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tosaigh | Láir | Cúil | |
---|---|---|---|
Dúnta | i | u | |
Leath-ard | e | o | |
Oscailte | a |
Bhí gutaí fada ag Aidhniúis Shachailín.
Consain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dé-liopach | Ailbheólach | Carballach | Coguasach | Glotasach | |
---|---|---|---|---|---|
Pléascach | p | t | k | ||
Aifricéad | t͡s | ||||
Frithchaiteach | s | h | |||
Srónach | m | n | |||
Neasach | j | w | |||
Tapchonsan | ɾ |
Fuaimnítear /ti/ agus /tsi/ mar [t͡ʃi], agus /s/ mar [ʃ] roimh /i/ ag deireadh siolla.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Japan prepares law to finally recognize and protect its indigenous Ainu people" (en). Washington Post. Dáta rochtana: 2020-08-05.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-05-05. Dáta rochtana: 2013-02-01.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |