An Aidhniúis
| Aynu itak agus アイヌ イタㇰ | |
|---|---|
| Cineál | teanga nádúrtha agus teanga bheo |
| Úsáid | |
| Cainteoirí dúchais | 10 (2007) |
| Dúchasach do | Maoracht Hokkaido, Oileáin Chúiríl, Sacailín agus Cúige Shakhalin |
| Stáit | an tSeapáin agus an Rúis |
| Aicmiú teangeolaíoch | |
| teanga dhaonna an Aidhniúis | |
| Tréithe | |
| Córas scríbhneoireachta | litriú na hAidhniúise agus aibítir Laidineach |
| Staidéar ag | teangeolaíocht na hAidhniúise |
| Leibhéal leochaileachta | 5 i mbaol báis |
| Cóid | |
| ISO 639-2 | ain |
| ISO 639-3 | ain |
| Glottolog | ainu1252 |
| Linguasphere | 45-B |
| Ethnologue | ain |
| Linguist List | ain |
| UNESCO | 475 |
| IETF | ain |
| Endangered languages | 1212 |
Is teanga dhúchais na Seapáine í an Aidhniúis (Aidhniúis: アィヌ・イタㇰ, nó, Aynu=itak, Seapáinis: アイヌ語, Ainu-goBéarla: /ainu/). Labhraítear í ar an oileán Hokkaido i dtuaisceart na Seapáine. Is í teanga stairiúil na nAidhniúch í. Bhí cainteóirí ann sa Rúis (Sachailín agus sna h-Oileáin Chúiríl) go dtí na 1960idí.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceaptar gurb í an Aidhniúis an teanga a labhraíodh sa tSeapáin sular tháinig na Seapánaigh ann idir 700 agus 1300 bliana ó shin. Comharthaíonn logainmneacha i dtuaisceart na Seapáine (Tohoku) go raibh lonnaíochtaí Aidhniúcha ann sa chuid is faide ó thuaidh den oileán Honshu. Faightear a lán logainmneacha Aidhniúise ar an oileán Hokkaido, ina labhraítear an teanga go fóill le roinnt bheag daoine.
D'aithin rialtas na Seapáine an teanga go hoifigiúil den chéad uair i mí Feabhra 2019.[1]
Canúintí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Maidir le canúintí na h-Aidhniúise, tá Yakumo, Oshmambe, Horobetsu, Biratori, Niikappu, Samani, Nukkibetsu, Obihiro, Asahikawa, Kushiro, Bihoro, Nayoro agus Soya ann sa tSeapáin, chomh maith leis na canúintí a bhí ann sa Rúis.[2]
Fóineólaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is teanga CV(C), (C=Consan, V=Guta), í an Aidhniúis.
Gutaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Tosaigh | Láir | Cúil | |
|---|---|---|---|
| Dúnta | i | u | |
| Leath-ard | e | o | |
| Oscailte | a |
Bhí gutaí fada ag Aidhniúis Shachailín.
Consain
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Dé-liopach | Ailbheólach | Carballach | Coguasach | Glotasach | |
|---|---|---|---|---|---|
| Pléascach | p | t | k | ||
| Aifricéad | t͡s | ||||
| Frithchaiteach | s | h | |||
| Srónach | m | n | |||
| Neasach | j | w | |||
| Tapchonsan | ɾ |
Fuaimnítear /ti/ agus /tsi/ mar [t͡ʃi], agus /s/ mar [ʃ] roimh /i/ ag deireadh siolla.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Japan prepares law to finally recognize and protect its indigenous Ainu people" (en). Washington Post. Dáta rochtana: 2020-08-05.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-05-05. Dáta rochtana: 2013-02-01.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |